Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 26, 2018

Thar Fóir in Amanna, ach Bhí Cúis leis an Raic faoin Easpa Éagsúlachta le TEDx

Is beag duine a d’aithin nach raibh grúpaí áirithe san áireamh – agus bhí ar na mná a mhothaigh nach raibh siad ionadaithe aird a tharraignt air.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le caint TEDx ar an fheimineachas curtha ar ceal le linn na seachtaine, agus leis an mhéid conspóide sa phlé a spreagadh dá bharr, taispeánadh an tionchar a imríonn ár gclaontachtaí nadúrtha orainn ar fad.

Mar a scríobh Lian Bell – duine de na mná a bhí le bheith ar an phainéal – san Irish Times inné, “mná bána a bhí ionainn ar fad, agus cinnte, ba chóir gur aithin mé é sin”.

“Ba chóir gur aithin mé é sin” – ba é sin an dearcadh ginearálta a bhí ag an chuid is mó daoine nuair a ardaíodh an easpa éagsúlachta ar an phainéal. Ní raibh ach mná sa phlé, agus ceapadh gur leor sin ar son chomhionnanais.

ADVERTISEMENT

Ach in aineoinn a ratha ná a n-oibre pearsanta ar son an fheimineachais, áfach, ní chuireann painéal le cúigear bean bhán go leor leis an chomhrá ar an chomhionnanas sa tír seo. Cé go bhfuil “pale and stale” míchothrom mar cháineadh – ag deireadh na dála tá neart ama agus acmhainní tugtha acu do chúis an fheimineachais in Éirinn – níl amhras ar bith gur chóir go raibh an painéal níos ionadaí ó thaobh mná de chine daite, mná faoi mhíchumas agus mná aeracha de.

As siocair gur beag duine a d’aithin nach raibh na grúpaí seo san áireamh, agus go raibh ar na mná a mhothaigh nach raibh siad ionadaithe ag an phainéal aird a tharraingt air, is léir go bhfuil cuid mhór fós le foghlaim sa tír seo maidir le sprioc an fheimineachais.

Is trua gur éirigh an comhrá ar line ina sháinn choimhlinteach, leis an díospóireacht róphearsanta in amanna. Cé go bhfuil a gcúis le moladh, níor fhág reitric na ngíomhaithe mórán spáis do bhotúin.

Ach sna gnáthchomhráite laethúla a spreagadh i ndiaidh chur ar athló na himeachta, áfach, tá deis d’fheiminigh Éireannacha machnamh a dhéanamh orthu féin.

Agus an domhan ar fad ag moladh na hÉireann as an dul chun cinn atá déanta aici le déanaí, sa tír í féin tá néal an eisiata fós ar mhóréachtaí an fheimineachais sa tír. Is díomach gur cuireadh an imeacht TEDx ar ceal. Cé gur léir ón raic faoin easpa éagsúlachta go bhfuil neart ban le taithí difriúil atá tolach lena nguth féin a chur leis an phlé. Ba chóir seans a thabhairt dóibh.