Comment & Analysis
Nov 29, 2018

Treallús ag Teastáil i dTaobh Iompair Phoiblí na Cathrach

Má thagann athrú ar mheoin na bpolaiteoirí, agus má tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair níos ullmhaithe le comhairliúcháin phoiblí, chuirfí feabhas réabhlóideach ar shaol na cathrach.

Ronan FallonAoi-scríbhneoir

Is léir nach leor córas iompair na cathrach mar atá faoi láthair. Cé go mbíonn 17% de dhaoine ag siúl nó ag rothaíocht isteach chuig lár na cathrach, ní bhaineann ach leathchuid againn úsáid as iompar poiblí. Baineann 30% againn úsáid as caranna, ag plódú na sráideanna, gan trácht a dhéanamh ar thruailliú an aeir. Tá na figiúirí i bhfad níos measa do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath – déantar 60% de thurasanna chun na hoibre i gcaranna.

Mar sin, cé go bhfuil an iomarca duine ag baint úsáide as a gcaranna, tá daoine toilteanach iompair poiblí a úsáid, feicthe sa difríocht idir úsáid na gcarranna i Mórcheantar BÁC agus lár na cathrach. Leis an bhonneagar atá ann, tá ag éirí leis an gcóras – bíonn beagnach gach Luas, Dart agus bus lán nuair a shroichtear an chathair ar maidin. Má tá an córas iompar poiblí lán agus gan spás ar na bóithre do níos mó carranna, caithfidh athrú teacht ar an scéal ar mhaithe le forbairt agus caomhnú na cathrach.

Conas feabhas a chuir ar an gcóras? Is é an iarnród an bealach is éifeachtaí chun daoine a bhogadh. Is féidir 1,400 duine a fhreastal ar thraein Dart le hocht gcarráiste, agus beagnach 400 duine ar Luas, i gcomparáid le timpeall 100 duine ar bhus amháin. Tá sé Dart in aghaidh na huaire anois á sheoladh ag Iarnród Éireann – sin an cumas iompair céanna le bus gach daichead soicind.

Tá an scéal seo aitheanta ag an rialtas, agus tá plean agus buiséad anois ag an Údarás Náisiúnta Iompair chun feabhas suntasach a chuir ar an gcóras. Cé go bhfuil Dart Faoi Thalamh curtha ar athló, tá a léithéad de BusConnects (€2 billiún), MetroLink (€3 billiún) agus leathnú ar an DART (€2 billiún) i mbun mionphleanála.

Is léir nach leor córas iompair na cathrach mar atá faoi láthair. Caithfidh athrú teacht ar an scéal ar mhaithe le forbairt agus caomhnú na cathrach – ní féidir linn leanúint le híobairt a dhéanamh air seo ar mhaithe leis an mhionlach.

Is iad príomhaidhmeanna BusConnects ná 230km de lánaí bus leanúnacha agus 200km de lánaí rothaíochta a thógáil, le hathdhearadh ar an ngréasán bus. Le MetroLink, tá an fhéidearthacht le trí oiread an méid paisinéirí le líne Luas a iompar, ag síneadh ó Áth an Ghainimh ó dheas go Sord ó thuaidh, agus stáisiún ag an aerfort. Cuirfidh Leathnú ar an Dart séirbhísí ar fáil chomh fada thuaidh le Droichead Átha agus chomh fada siar le Maigh Nuad agus Cill Droichid.

Chuirfeadh na scéimeanna seo feabhas réabhlóideach ar shaol na cathrach

Bheadh cinnteacht faoin am a thógfadh turas bus. Bheadh méadú ollmhór ar líon na ndaoine ag rothaíocht. Bheadh an chéad líne Metro sa cathair ag freastal ar 50 milliún turasanna sa bhliain agus bheadh traein DART gach 10 nóiméad ó Dhroichead Átha, Cill Droichid agus Maigh Nuad. Shábhálfaí am, bheifeá in ann taisteal chuig aon áit sa chathair níos simplí agus bheadh an lár níos glaine agus níos réchúisí.

Ach tá feachtasíocht i gcoinne na scéimeanna seo – eagraíodh mórshiúlta in éadan athdhearadh ghréasán na mbus le BusConnects, mar shampla. Cé nach bhfuil plean don chóras lánaí bus réidh go fóill le haghaidh chomhairliúchán poiblí, tá ailt cheana féin sna nuachtáin le daoine atá míshásta leis an bhféidearthacht go gceannófaí píosa dá ngáirdín chun spás a chruthú. Chuir 20,000 duine isteach ar chomhairliúcháin poiblí BusConnects, agus bhí formhór den phlé faoin tionscnaimh sna meáin diúltach, gan tagairt dá laghad leis na buntáistí ollmhóra atá i gceist. Lean na polaiteoirí a sampla, agus cáineadh BusConnects go trom sa Dáil.

Bhí feachtais bunaithe i gcoinne MetroLink, in áiteanna a gcuirfeadh an tógáil isteach orthu. Arís bhí formhór den phlé ar an tioscnamh sna meáin agus san Oireachtas go hiomlán bunaithe ar na feachtais seo, gan trácht ar an ngá géar atá leis, ná ar a bhuntáistí do shaol na cathrach. Mar gheall air seo, tá moill sé mhí cheana féin ar MetroLink, agus gan ach ocht mí ó thús an chomhairliúcháin phoiblí.

Deirtear go raibh an tAire Pleanála Eoghan Murphy i gcroílár na moille agus é ag iarraidh an plean a athrú chun uasghrádú a dhéanamh ar Líne Uaine an Luas thart ar Raghnallach, atá ina dháilcheantar féin. Tá sé seo comharthach ar an easpa thacaíochta polaitiúla a fhaigheann an tÚdarás Náisiúnta Iompair go ginearálta – tá Teachtaí Dála agus Airí na tíre drogallach chun troid ar son na cathrach ar fad, agus titeann scéimeanna maithe ar mhaithe le mionlaigh beaga i ndáilcheantar éigin.
Chuirfeadh na scéimeanna seo feabhas réabhlóideach ar shaol na cathrach
Tá fadhb shuntasach anseo. Tá bonneagar iompar na cathrach lán go barr agus níl ár sochaí in ann próiséis a leanúint mar is ceart chun feabhas a chur air. Is é an próiseas atá againn anois, atá feicthe i gcás Metro Thuaidh agus DART Faoi Thalamh ná: plean garbh a dhearadh; tagann borradh ar gheilleagar na tíre agus cuirtear airgead ar fáil; déantar mionphleanáil; bíonn daoine ag tabhairt amach agus tugtar níos mó airde air seo ná ar na buntáistí; tógtar na blianta chun plean a bhfuil daoine sásta leis (ach atá níos measa) a dhearadh; glactar le cead pleanála; tarlaíonn cúlú eacnamaíochta agus tosaíonn an córas arís.

Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus Bonneagar Iompair Éireann róshoineanta i ndearadh na bpleananna. Is gá comhairliúchán poiblí cuimsitheach a bheith acu ag tús na pleanála. Mar sin, bheadh imnithe an phobail ríshoiléir agus iad i mbun mionphleanála, seachas trí bhliain a chaitheamh ag pleanáil, sula ndíríonn an pobal isteach ar chúpla fadhb seachas ar na buntáistí leis an tionscnaimh.

Ní féidir linn leanúint le híobairt a dhéanamh ar chóras iompar na cathrach, ar mhaithe leis an mhionlach. Is daonlathas atá againn anseo – ba chóir go mbeidh Teachtaí ag comhairliú muintir a ndáilcheantaracha maidir leis na buntáistí, ag réitiú na bhfadhbanna go réalaíoch agus ag brú ar aghaidh leis an phlean ar mhaithe le saol a gcathrach. Tá treallús agus tiomántas polaitíochta ag teastáil go géar.

Má thagann athrú ar mheoin na Dála i leith phleanáil bonneagair, agus má tá an tÚdarás Náisiúnta Iompar níos ullmhaithe le comhairliúchán poiblí cuimsitheach ag tús seachas ag deireadh an phróiseas, is féidir leis na polaiteoirí, na húdaráis pleanála agus pobal na cathrach an chathair a shábháil uathu féin. Ach le nadúr na polaitíochta Éireannaigh, is dócha go bhfuil an t-athrú atá ag teastáil i bhfad uainn.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.