Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 24, 2018

Ba Chóir Níos Mó den Lucht Siúil Bheith in Ardoideachas. Ach Ná Diagaímis Céim Ollscoile

Is fíor-íseal líon na dtaistealaithe a bhaineann oideachas tríú leibhéil amach.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Is deacair bheith dearfach maidir le rochtain ar oideachas tríú leibhéíl in Éirinn, go háirithe le nuacht na seachtaine seo nach mbaineann ach aon faoin gcéad den lucht siúil an t-ardoideachas amach. I measc an phobail i gcoitinne, téann 55 faoin gcéad.

I dtéarmaí réadacha, bhí 41 taistealaí in oideachas tríú leibhéil, as thart ar 250,000 sa phobal ar fad.

Má tá cuma thar a bheith íseal an figiúr seo, ba é an comhartha is mó gur fadhb mhór í seo ná aitheantas an rialtais go mbeidh deacracht lena aidhm chun an uimhir a mhéadú ó 35 i 2015 go dtí 80 an bhliain seo chugainn.

ADVERTISEMENT

Níl aon gá le rá gur beag bídeach an coibhneas ochtó as 250,000. Bhí sprioc measartha ag an rialtas, agus tá sé fós i bhfad uainn.

D’éirigh leis an Plean Náisiúnta um Rochtain Chothrom ar Ardoideachas oideachas tríú leibhéil a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine atá faoi mhíbhuntaiste. Tá cúiseanna dóchais in áiteanna áirithe agus cúiseanna grúaime in áiteanna eile.

Is é sin le rá nach ndúirt an tuairisc rud ar bith nach raibh ar eolas againn.

Seachas bheith gafa le staid an ardoideachais in Éirinn, b’fhéidir gur fearr dúinn amharc ar an cheist ó dhearcadh difriúil. Ar ndóigh, is ceart don rialtas a n-iarrachtaí a leathnú chun feabhas a chur ar rochtain ollscoilíochta, ionas go mbeidh fáil ag grúpaí faoi ghannionadaíocht oideachas a fháil a dhiúltaíodh dóibh le fada.

Is cosúil, áfach, go bhfuil andúil an rialtais san ardoideachas bainte le diagú na gcéimeanna ollscoile atá forleathan sa tír seo.

In ainneoin an easpa dóchais i gcúrsaí ardoideachais in Éirinn – de bharr meath leanúnach choláistí na tíre i gcomparáid lena leithéidí idirnáisiúnta – tá leannán mífholláin ag an oideachas ollscoile ar an tír.

Is cosúil go dtuigeann tíortha AE eile nach í an chéim ollscoile barrshampla an oideachais. Ba chóir go bhfuil printíseachtaí agus cineálacha eile oideachais chomh bailí le píosa páipéir ó ollscoil. Seachas bheith dúghafa le hardoideachas, b’fhéidir go mb’fhearr dá gcuimseodh beartas an rialtais gnéithe eile na foghlama.