Radius
Dec 20, 2018

‘Ceol, Suíomh as an nGnáth, agus Fiantás’: i gComhrá le Disco Anocht

Tá bunaitheoirí Disco Anocht ag meascadh ceol tí agus Gaeilge i measc na mac léinn chun saol a choinneáil i gcroílár an ghaelachais sa chathair.

Muireann Nic CorcráinEagarthóir Sóisearach

Tá a chlú agus a cháil féin bainte amach ag Club Chonradh na Gaeilge thar na blianta, ar chúis amháin ná cúis eile. Na laethanta seo, is léir fós an grá atá ag pobal na mac léinn dó, agus gurb é Club an Chonartha príomháit an spraoi Ghaelaigh san ardchathair. Faraor, le deachrachtaí á mothú ag uimhir 6 Sráid Fhearchair le déanaí, tá raflaí le cloisteáil go ndúnfadh na doirse mura dtagann feabhas ar an scéal.

Tá foinse feabhais amháin ag teacht chun cinn, áfach. Tá oíche nua mac léinn curtha ar bun, ag mealladh idir lucht na Gaeilge agus lucht an chúpla focal – agus dar leis an dá ghrúpa seo a bhíonn i láthair ag Disco Anocht, níl aon amhras go bhfuil sé ag dul ó neart go neart.

Is iad Manus Ó Maoileoin agus Seamas Ó hAoláin ceannrodaithe an tionscadail seo, agus bíonn a scaifte dílis úr in éineacht leo sa Chlub uair amháin in aghaidh na míosa. Tagann mic léinn chun iad féin a thumadh i gceol tí, chun Gaeilge a spalpadh agus a spreagadh i measc na ndaoine nach bhfuil mórán acu, agus chun bheith ag damhsa leo ar feadh na hoíche. An chéad ceist a tháinig chugam, mar sin, ná conas ar tháinig an bheirt acu le chéile chun beocht a thabhairt don choincheap seo.

ADVERTISEMENT

“Manus a tháinig suas leis an smaoineamh ar dtús báire oíche a eagrú sa Chonradh”, a d’inis Ó hAoláin dom. “Tar éis é a bheith ag seinnt ag an Bál Gaelach anuraidh agus tar éis dó dul chuig an Chonradh go deireadh na hoíche, rith an smaoineamh leis oíche chlub a cruthú ann. Tar éis cúpla mí chuir sé glaoch orm agus d’aontaigh mé go díreach leis.” Tháinig an bheirt le chéile ansin, agus níorbh fhada go dtí go raibh lógó agus ainm faighte acu agus cruthaíodh Disco Anocht. “Bhíomar ar iarraidh rud míosúil a eagrú agus an buntáiste a bhí againn ná go raibh na decks agus an córas fuaime go léir ag Manus, ní raibh ach suíomh agus daoine ag teastáil uainn.” Bhí Ó Maoileoin agus O hAoláin ag iarraidh oíche a cruthú le haghaidh a gcairde a bheadh oiriúnach don damhsa le ceol an taoibh thuathail i suíomh deas.

Thug Ó Maoileoin léargas dom faoin gcinéal ceoil atá le cloistéail agus tú ag dul isteach sa Chonradh. “Ceol tí agus dioscó atá ann, le meascán classics. Tagann na daoine don cheol, fanann siad don chraic. Ní féidir le daoine ach bheith ag damhsa leis an gceol seo. Is áit phearsanta é agus tá an córas fuaime thar barr!” Agus Ó Maoileoin i láthair mar DJ cónaitheach, le cúpla seit ó Jack Banks freisin, oíche “dochreidte amach is amach” a bhí acu an uair dheireanach.

Tar éis an smaoineamh a chur le chéile, bhí orthu suíomh a aimsiú. Gan dabht, ba é Club an Chonartha an chéad smaoineamh a tháinig chucu. “Is áit íontach é an Conradh, mar is eol do gach éinne, agus is áit rúndach é i slí éigin freisin,” a dúirt Ó Maoileoin.Táid ann a deir go gcruthaítear atmaisféar agus tú ag siúl síos an staighre, ag cur amach an chuma “go bhfuil rud rúndach ag tárlú. Is aoibhinn le daoine an áit agus níl sé rómhór, so bíonn vibes dochreidthe ann ó thús go deireadh.”

Is léir rath an tionscadail faoin am seo, lena lucht freastail dílis agus ainm ar fud an Choláiste. “Tá trí cheann déanta againn anois agus bhíodar go léir díolta amach. É sin ráite, cuirimid an-chuid oibre isteach ann, ar na meáin shóisíalta, póistéir a dhearadh agus a scaipeadh, an Conradh a mhaisiú agus pictiúir a críochnú.” D’admhaigh sé go mbíonn go leor cabhrach acu óna gcairde chun an imeacht a eagrú. “Tá sé thar a bheith taitneamhach dúinn é seo a eagrú do gach duine agus cuireann sé an-áthas orainn go mbaineann daoine taitneamh as.”

Agus iad sásta le cúrsaí mar atá faoi láthair, ní raibh ach teachtaireacht shimplí acu i dtaobh daoine a mhealladh chuig an imeacht. An fáth go mba cheart do dhaoine freastal ar Disco Anocht? “An ceol, an suíomh as an ngnáth agus píosa fiántais.”

Le ráiteas mar sin, agus le mar a bhí go dtí seo, tá an chuma ar an scéal go meallfar slua breá go huimhir 6 Sráid Fhearchair gach mí. Má leanann cúrsaí mar atá, beidh todhchaí níos cinnte ag croílár an Ghaelachais san ardchathair do thamall fada eile.


Beidh an chéad Disco Anocht eile, Disco Anocht 04: Disco na Nollag ar siúl ar an Aoine 21ú Nollag.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.