Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 10, 2018

Déantar Áibhéil de Bhuaireamh TCDSU le Feachtais Seachtracha

Ní féidir a rá go bhfuil fadhb rannpháirtíochta ag an aontas mar gheall ar chúrsaí nach mbaineann le mic léinn.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Thiocfadh le cáinteoirí Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU) úsáid a bhaint as agóidíocht an aontais in éadan úinéireacht eaglaise ar an Ospidéal Náisiúnta Máithreachais, chun cur leis an dearcadh go bhfuil an t-aontas ródhírithe ar chúrsaí nach mbaineann le saol laethúil na mac léinn.

Tá fadhb rannpháirtíochta ag an aontas, dar le cuid mhaith mac léinn, de bharr go gcaitheann sé barraíocht acmhainní ar chúrsaí seachtracha. Ní amháin gur lag an nasc idir na cúrsaí seo agus saolta na mac léinn, dar leo, ní dócha go mbeadh tionchar suntasach aige ar a leithéid de sholáthar díreach nó ar chúrsaí sa Phalaistín.

Is éasca bheith soiniciúil mar seo mar gheall ar fheachtasaíocht an aontais, ach ag deireadh na dála, níor caitheadh acmhainní ar bith ag cur a n-oifigeach chuig mórshiúl taobh amuigh den seachtain oibre – agus níl am ná hacmhainní ar bith caite aige agus é ag tacú leis an fheachtas BDS. (Is dócha, áfach, go meallfaidh sé sin cáineadh ó dhream eile.)

ADVERTISEMENT

Tá an feachtas in éadan tionchar na heaglaise ar an chóras sláinte mar fhorbairt nadúrtha ar an fheachtas aisghairme – gluaiseacht agus bua ina raibh na mac léinn lárnach. Agus cé gur mór an easnamh é €70,000, ní chiallíonn sé sin, mar a mhaíonn roinnt daoine, nach raibh gá leis na mílte a chaitheamh ar an fheachtas aisghairme.

Ar ndóigh, ní radharc go hathradharc – agus tá sé ráite ag daoine eile go raibh vóta ar son aisghairme dosheachanta, ar nós nach raibh gá le gníomhaíocht na mac léinn, nó nach raibh sé chomh tábhachtach le micreathonnáin a chur i gCistin an Aontais.

Ní amháin go ndéanann sé sin neamhaird de shuirbhéireacht a thaispeáin go mbeadh an toradh níos géire, déanann sé beag is fiú de thábhacht an ghluaiseacht mhac léinn i gcúis na haisghairme, le déanaí agus i bhfad roimhe.

Agus níos minice ná a mhalairt, déantar áibhéil mhór de bhuaireamh TCDSU le feachtais uaillmhianacha nach bhfuil bainte le saol na mac léinn. Is fiú cur i gcuimhne nach bhfuil an obair áitiúil a dhéanann an t-aontas sa chúlra – stócaireacht ar son scrúduithe Nollag agus na céadta cruinniú coiste, mar shampla – chomh feiceálach ó nadúr.