Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 3, 2018

Le Brú Mór ar Mhic Léinn, Caithfidh an Coláiste Tabhairt faoi Laigí TEP

Tá fadhbanna móra le feiceáil le strus na mac léinn agus le meath ar rannpháirtíocht sna cumainn.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ar ais i mí Aibreáin, agus athchóiriú churaclam an Choláiste ag tarraingt go géar, scríobh an Bord Eagarthóireachta seo go mbeadh cumha ar na mic léinn i ndiaidh an tseanchóras faoin am a thiocfadh an tréimhse scrúduithe.

Is cosúil go raibh an ceart againn. Tá na mic léinn imithe fiáin, iad sáite san obair chúrsa, agus tá neart acu a gcrá féin roimh na scrúduithe.

Is fiú céistiú cén dóigh ar bhain muid an staid seo amach. B’fhurasta an Coláiste a cháineadh as córas a mhothaíonn mícothrom faoi láthair – ach ní cuireadh an córas úr i bhfeidhm ón bharr anuas. Is na mic léinn a chuir é seo chun cinn, le 90% acu ag tacú le scrúduithe Nollag i reifreann i 2010, agus an mhandáid seo caomhnaithe i ndiaidh phlé ag cruinniú chomhairle Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU) i 2015.

ADVERTISEMENT

Ní hé sin le rá nach rabhthas ag súil leis na hiarmháirtí diúltacha seo den stuchtúr acadúil úr. Chuir duine de na cáinteoirí is glóraí, an tOllamh Patrick Geoghegan – a bhí mar Léachtóir Sinsireach go dtí 2014 – imní in iúl mar gheall ar an bhrú a bheadh ar mhic léinn chun bheith ag stáidéar i rith na bliana, agus ar an éifeacht ar shaol rafar seach-churaclaim an Choláiste.

Is í an fhíorfhadhb anseo, áfach, ná cur i bhfeidhm an chóras seachas smaoineamh na scrúduithe Nollag. Tá sé dosheachanta go mbeidh deacrachtaí tosaigh le hathrú suntasach mar seo.

Ach tá fadhbanna níos mó le feiceáil le “strus ollmhór” na mac léinn agus leis an mheath ar rannpháirtíocht sna cumainn, a nocht The University Times le linn na seachtaine seo. Tá trí scrúdú taobh istigh de 24 uair ag cuid mac léinn. Tá obair chúrsa sa mhullach ar dhaoine eile le rudaí éagsúla le tabhairt isteach ag an am céanna. Tá an dá rud fíor do chuid daoine, agus is cosúil mar sin nár ghlac scoileanna áirithe le bunchloch Tionscadal Oideachais na Tríonóide – is é sin ná héalú ón seanchuraclam a bhí dírithe ar na scrúduithe, agus measúnacht leanúnach nó níos cruthaithí a chur i bhfeidhm.

Is fíor, agus an tionscadal ag dul chun cinn sna blianta romhainn, go dtiocfaidh feabhas de réir a chéile. Ach in ionad an locht ar fad a chur ar “dheacrachtaí tosaigh”, caithfidh an Coláiste dul i ngleic leis na fadhbanna móra atá ag cur isteach ar mhic léinn i mbliana.