Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 10, 2018

Léiríonn Baghcat USI ar Peter Casey Dúspéis sna Meáin

Ní leor rannpháirtíocht sna meáin in ionad na rudaí a bhíodh mar raison d’etre an aontais.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Leis féin, níl aimhrialtacht ar bith ag baint le cinneadh Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) chun baghcat a dhéanamh ar iar-iarrathóir uachtaránachta, Peter Casey, ar Newstalk.

Roimh an toghchán i Mí Dheireadh Fómhair, ghlac Aontas na Mac Léinn in Éirinn seasamh láidir i gcoinne Casey, i ndiaidh a ráitis bhrocacha faoin Lucht Siúl. Tá sé intuigthe gur chóir d’ionadaithe an aontais a chlár a sheachaint.

Ar an lámh eile, tá suntas ag baint leis an gcinneadh i gcómhthéacs togracht an Aontais agus a íomhá sna meáin.

ADVERTISEMENT

Tá Uachtarán USI Síona Cahill tar éis bheith ar raidió, teilifís, Nuacht RTÉ ag a Sé agus fiú ag comhdháil in áiteanna éagsúla ar nós Nua Eabhrac agus Leipzig sa Ghearmáin.

Tá sé deacar USI a cháineadh de bharr éachta mar sin: is eagraíocht pholaitiúil í ag deireadh an lae agus tá tábhacht mhór ag baint lena láithreacht.

Ach sa chomhthéacs seo, is léiriú é an ruaille buaille maidir le clár Peter Casey ar an gcaoi a bhfuil an t-aontas róthógtha leis na meáin, i mbealach nach bhfuil ag teastáil uainn ón aontas náisiúnta. B’fhéidir go bhfuil poiblíocht mhaith mar chuid riachtanach de thimpeallacht na meán sa 21ú aois, ach ní leor é in ionad na rudaí a bhíodh mar raison d’etre an aontais, mar shampla feachtasaíocht agus maoiniú ardoideachais.

Le déanaí, tá Uachtarán Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide, Shane De Rís, tar éis an USI a cháineadh mar gheall ar a fhreagra don bhuiséad, ag rá go bhfuil an t-aontas náisiúnta ag caitheamh le géarchéim maoinithe an ardoideachais mar “athsmaoineamh”. Bíonn láithreacht an USI sna meáin bunaithe ar rudaí tráthúla, mar shampla an ghéarchéim tithíochta agus meabhairshláinte – agus leis sin déanann an t-aontas iad a cheistiú i mbealach cairdiúil seachas i gcaoi a gcintíonn freagracht.

Caithfear a rá freisin gur rinneadh an oiread sin cáinte ar chinneadh Newstalk chun clár a thabhairt do Casey, go bhfuil an chuma anois ar an scéal go bhfuil USI ag teacht i dtír air seo. Is dócha nach peaca marfach é sin, ach léiríonn sé aontas a cheapann go bhfuil an teachtaireacht níos tábhachtaí ná an chaoi.