Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 24, 2018

Tá Painéal na Tríonóide Éilíteach Aisteach, ach is Údar Maithis é Chomh Maith

Má chaitear le Painéal na Tríonóide mar iomrall aimsire, déantar neamhaird ar a thréithe dearfacha.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is cuma cén chaoi a ngearrtar toghcheantar Seanad Ollscoil Bhaile Átha Cliath – tugtar painéal na Tríonóide air, de ghnáth – tá an chuma ar an scéal go léiríonn sé croí an éilíticheais.

Má tá ceart vótála ag teastáil uait, tá ort bheith i do chéimí ón ollscoil is éilítí sa tír. Bíodh is go bhfuil iarrachtaí nuálacha déanta ag an Tríonóid chun rochtain a chur ar fáil, is oideachas príobháideach a chuirtear ar fórmhór na gcéimithe, agus tá seans i bhfad níos lú go dtagann siad ó chúlraí socheacnamaíochta i bhfad níos ísle ná daoine ó ollscoileanna eile.

Tá sé aisteach go bhfuil toghcheantar amháin dó chéimithe ó ollscoil amháin – go bhfuil deis ag céimithe triúir a thoghadh go parlaimint náisiúnta – is cinnte gurb é seo ceann de na gnéithe is leithlí de chóras toghcháin áit ar bith ar an domhan.

ADVERTISEMENT

Ar bhonn teoiriciúil cothromaíoch, tá an dreach ar an scéal go bhfuil Painéal Seanad na Tríonóide dochosanta.

Dá ndéanfar cónasc idir painéil na Tríonóide agus Ollscoil Náisiúnta na hÉireann chun toghcheantar mór le sé suíochán a chrúthu – mar a mhol tuairisc leasú Seanad – ní bheadh an toghcheantar chomh haisteach sin.

Ach má chaitear le Painéal na Tríonóide mar iomrall aimsire, mar thoghcheantar aisteach, déanfar neamhaird ar a thréithe dearfacha.

Ar an gcéad dul síos, tá daoine clúiteacha – a raibh tionchar mór acu ar stair na hÉireann – tar éis teacht uaidh. Smaoinigh faoi David Norris, fear nach mbeadh tofa in aon toghcheantar eile sa bhliain 1987. Bliain i ndiaidh sin, chuaigh sé chuig an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, ag éileamh díchóiriú ar a shaol féin.

Ná déan dearmad ar Mary Robinson, a thug athnuachan don Uachtaránacht, agus a chaith na blianta fada sa Seanad ag troid ar son chearta na mban, ag léiriú gur ceannródaí í fiú sular thosaigh sí in Áras an Uachtaráin.

Tá ráite ag an mBord Éagarthóireachta seo cheana go raibh ról suntasach ag Ivana Bacik chun aisghairm a dhéanamh ar an ochtú leasú den Bhunreacht. Bhain Owen Sheehy-Skeffington úsáid as painéal na Tríonóide chun agóid a dhéanamh i gcoinne údarásaíochas agus píonós corportha. Agus tá ag éirí go hiontach le Lynn Ruane, duine nach bhfuil ar nós gnáthíomhá chéimí éilíteaigh na Tríonóide.

Le sin: bíodh is go bhfuil sé aisteach agus éilíteach, ní féidir leo siúd atá ag iarraidh an córas a athrú a shéanadh go bhfuil Painéal na Tríonóide tar éis bheith ina údar maithis in Éirinn.