Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 8, 2019

D’fhéadfadh TEP an Fhadhb le Boilsciú Gráid a Réitiú

Tá sé de rún ag an tionscadal míchlúiteach athchóiriú a dhéanamh ar mheasúnacht, ag teacht le pairidímí úra oideachais.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ní bheidh iontas ar chuid mhaith daoine le scéal na seachtaine seo caite gur ar mhic léinn na Tríonóide a bhronntar an oiread is mó céim céad onóracha sa tír. I ndeireadh na dála, tá cúrsaí na Tríonóide i measc na pointí is airde sa tír.

Do dhaoine eile, áfach, le haon chúigiú de chéimithe na Tríonóide ag baint céim céad onóracha amach, is comhartha é seo go bhfuil boilsciú gráid – fadhb atá ag cur isteach ar chórais oideachais leis na blianta – ag dul in olcas sa Choláiste.

Toisc gur láidir an dreasacht do choláistí a ngráid féin a ardú – agus níl de dhíth ach coláiste amháin chun go leanfaidh na cinn eile ionas nach gcuirfear a mic léinn féin faoi bhuntáiste – is deacair boilsciú gráid a sheachaint. Ach as siocair gur féidir leis seo muinín an phobail in ollscoil a laghdú, níor chóir neamhaird a thabhairt air. I gcás córas lochtach grádaithe na Tríonóide, ní hé boilsciú an t-aon fadhb amháin: tá neamhréireanna móra idir na scoileanna, anuas ar éagsúlachtaí móra caighdeáin i measc na réimeanna leathna grádála.

ADVERTISEMENT

Ach ní ar ghráid amháin a bhraitheann oideachas – agus tá an meon seo i gcroílár Tionscadal Oideachais na Tríonóide, a bhfuil míchlú tarraignthe air le déanaí. Bhí sé de rún ag an tionscadal ón tús athchóiriú a dhéanamh ar mheasúnacht, ag teacht le pairidímí úra oideachais.

Dúirt tuairisc Thionscadal Oideachais na Tríonóide i 2016 go gcuireann an béim ar ghráid le cultúr “tástála”. D’aitigh sé fosta nach féidir le scrúduithe “castacht na foghlama atá de dhíth ar chéimí sa 21ú haois” a mheas go cruinn. Ag am amháin, moladh go fiú go measúnófaí an chéad bliain gan mharc áirithe, ach cuireadh é seo siar.

Seachas measúnacht chainníochtúil traidisiúnta, tá an sprioc ag Tionscadal Oideachais na Tríonóide taithí oibre agus tuilleadh rochtana ar aiseolas a thabhairt do mhic léinn, chomh maith le piarmheasúnú agus féinmheasúnú a éascú. In ionad an seanchóras grádála a athchóiriú, tá Tionscadal Oideachais na Tríonóide ag iarraidh béim a bhaint ó ghráid go hiomlán.

Tá an Coláiste cheana féin, ar chorbhealach, ag dul i ngleic le boilsciú gráid de réir a chéile. Beidh le feiceáil, ar ndóigh, an n-éireoidh leis na spriocanna ciallmhaire seo a chur i bhfeidhm.