Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 14, 2019

Tá Gealltanas an Rialtais Maidir le Táillí RA Níos Cosúla le Cur Siar ná Réiteach

Níl ach faoiseamh gearrthéarmach leis an ghealltanas do mhic léinn ó Thuaisceart Éirinn agus ón Ríocht Aontaithe.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Faoin am seo, is beag gné de shaol na hÉireann nach gcaitheann Brexit scáth dorcha air. Is doiléir méid a hiarmhairtí fós – do pholaiteoirí an Ríocht Aontaithe go háirithe – ach is cinnte go bhfuil obair mhór roimh rialtas na hÉireann maidir le forbairt a bpleananna teagmhais.

Maidir le hardoideachas, chonacthas céad céim na pleanála sin le linn na seachtaine nuair a dheimhnigh an tAire Oideachais Joe McHugh go n-íocfaidh mic léinn ón Ríocht Aontaithe atá ag iarraidh stáidéar a dhéanamh in Éirinn an bhliain seo chugainn an táille reatha.

Dúirt McHugh go ndéanfaidh an rialtas a dhícheall chun “soiléireacht fhadtéarmach a thabhairt do mhic léinn Éireannacha atá ag iarraidh stáidéar sa Ríocht Aontaithe agus do náisiúnaigh an Ríocht Aontaithe atá ag iarraidh dul i mbun stáidéir in Éirinn”.

ADVERTISEMENT

Dá mba rud é gurbh é Brexit an crá croí amháin d’ollscoileanna in Éirinn atá ag iarraidh, ar nós na Tríonóide, freastal ar an oileán ar fad, bheadh sé sin suntasach mar fhadhb ina aonar. (Mhaígh an Bord Eagarthóireachta seo roimhe go spreagfadh Brexit drogall chun cur isteach ar ollscoileanna Éireannacha.)

Tá an oiread sin constaicí eile do mhic léinn ón Ríocht Aontaithe, áfach, go bhfuil sé ag éirí níos deacra bheith dearfach mar gheall ar oideachas uile-oileáin. Léiríonn míbhuntaiste na mic léinn ó Thuaisceart Éireann – i gcomparáid le lucht an teastais sinsearaigh – teannas struchtúrach níos leithne, agus ní gá cur i gcuimhne maidir le drochthionchar an ghéarchéim tithíochta i mBaile Átha Cliath ar mhic léinn atá ag smaoineamh ar stáidéar anseo.

Tá gealltanas an rialtais, ina thaobh seo, níos cosúla le cur siar ná réiteach. Beidh sé cinnte ina ábhar faoiseamh do mhic léinn i dTuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe atá ag iarraidh teacht anseo dá n-oideachas fochéime. Maidir leis an todhchaí, áfach, is doiléire cúrsaí fós.

Tá Coláiste na Tríonóide, le Stáidéar Féidearthachta Thuaisceart Éireann ar siúl aige le cúpla bliain, tiomanta chun mic léinn a mhealladh trasna na teorann le fada. Cé go bhfuil réiteach an rialtais ar an mhíshocracht reatha ina fhaoiseamh gearrthéarmach, áfach, ní thugann sé mórán dóchais do mhic léinn – ná d’institiúidí – atá buartha faoi na hiarmhairtí fadtéarmacha a bheas ag Brexit ar ardoideachas.