Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 21, 2019

Tá na hAontais Mac Léinn ag Dul i nGleic le Soláthar Díreach – Ach Gan USI

Tá aontas náisiúnta na mac léinn ag iarraidh bheith i gceannas ar an fheachtas seo. Ba chóir go bhfuil sé cheana.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tar éis ollbhua na bliana seo, agus í saor ón bhéim a cuireadh ar aisghairm an ochtú leasúcháin, tá gluaiseacht na mac léinn cheana féin páirteach i réimse mór agóidí i mbliana, ag moladh gníomhaíochta ar athrú aeráide nó ag cásamh staid an oideachas gnéis in Éirinn.

Tá feachtas amháin, áfach, ag dul i dtreise le cúpla bliain anuas, agus tá gach cuma ar an scéal gurb é an cloch is mó a bheas ar phaidrín sóisialta na mac léinn – is é sin deireadh a chur le soláthar díreach.

Tá an-fhorás déanta le seachtain anuas san fheachtas chun feabhas a chur ar dhálaí maireachtála don lucht iarrtha tearmainn. Tá Coláiste na Tríonóide chun plé a dhéanamh ar rochtain fheabhsaithe don lucht iarrtha tearmainn, a chaithfidh táillí neamh-AE uafásach ard a íoc nó riachtanais diongbháilte a bhaint amach le haghaidh scoláireacht rialtais.

Tháinig ceannairí na n-aontas mac léinn le chéile in Ollscoil Luimnigh (UL), ar chuireadh ó Saol na Mac Léinn UL, chun feachtas náisiúnta a thogáil le deireadh a chur le soláthar díreach. Shuigh Uachtarán Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU) Shane De Rís os comhair uachtaráin na n-aontas mac léinn eile – a mhacasamhail ó Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath san áireamh – chun feachtas cumhachtach eagraithe a fhorbairt.

Cor cinniúnach a bhí ann don troid in éadan soláthar díreach. Is aisteach, mar sin, nach raibh Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) taobh thiar de, agus é mar ionadaí náisiúnta na mac léinn. Mura raibh sé sin ait go leor, tá “seisiún smaointeoireachta” dá chuid féin, leis na spriocanna céanna de réir dealraimh, eagraithe aige i gceann coicíse.

As siocair gur chinn an chuid is mó de phríomhbhaill an aontais náisiúnta dul i ngleic leis an cheist seo go neamhspleách, áfach, níl sé réalaíoch go meallfaidh USI an tacaíocht atá de dhíth chun a fheachtas féin a fhorbairt nó chun teacht i gceannas ar thogra na n-aontas.

Má tá na haontais ag iarraidh obair le neamhbhaill USI chun straitéis a fhorbairt ar feachtas mar seo, b’fhéidir go mb’fhearr don aontas náisiúnta athsmaoineamh ar an dóigh a thugtar páirt dá haontais in eagraíocht phraiticiúil a agóidí agus bolscaireachta.

I ndeireadh na dála, nach tábhachtaí cúis mar seo ná an pholaitíocht shuarach a chuireann isteach ar smaointeoireacht na n-aontas go minic?