Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 28, 2019

Tá Ollúnachtaí do Mhná Amháin mar Fhreagra ar Chur Chuige Easpach

Ar an drochuair, ní tuilleamhlathas é an saol acadúil le imdhíonacht aige ar an ghnéasachas.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le scéal na seachtaine seo caite gur ardaíodh imní faoi “leithcheal dearfach” le cruthú ollúnachtaí éagsúla do mhná amháin, léiríodh rud éigin atá ar eolas ag madaí na sráide – nó ag madaí an domhain acadúil – le fada an lá.

Ní raibh eachtra mór #MeToo – go sea – san ardoideachas. Ach fiú i measc na ndaoine nach bhfuil ach taithí neamhdhíreach acu sa saol acadúil, tá ráfla le cloisteáil le fada maidir le gnéasachas agus fearúlacht thraidisiúnaíoch atá fós daingean i measc an luchta acadúil.

Ní mór an t-iontas, mar sin, go raibh an rialtas, nuair a chinn sé 45 post sinsireach a chruthú nach raibh ar fáil ach do mhná, ag súil le agóid agus conspóid. Is léir cheana nach bhfuil an freagra iomlán dearfach.

ADVERTISEMENT

Ar ndóigh, ní chuirtear in aghaidh an tionscadail seo de bharr gráine ar chomhionannas inscne go háirithe, agus bheadh saintréithriú glan dá leithéid seo iomlán bréagach. Mar a tharlaíonn sé, is cúis mhórtais do lucht na hacadúlachta gur timpeallacht réasúnta cothrom cóir oibre atá aige.

Tá tuiscint an luchta acadúil air féin, áfach, mar chuid den fhadhb. Agus an t-ardoideachas ag éirí níos iomaíche, agus le postanna seasta i ngannchúis, thuigfeá go mbeadh daoine ag iarraidh mothú go bhfuil a gcuid éachtanna diansaothraithe. Ach is í an fhírinne shearbh ná nach tuilleamhlathas é an saol acadúil ar chor ar bith.

Tá sampla le fáil i gcás an Dr Micheline Sheehy Skeffington, a chuathas thairti go míchothrom nuair a bhí ardú céime á thabhairt in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Sampla eile ná nach raibh bean riamh mar uachtarán ar ollscoil Éireannach, ó bunaíodh Coláiste na Tríonóide cúig chéad bliain ó shin.

Má leanann an dul chun cinn ag an ráta reatha, táthar ag tuar nach mbainfear comhionannas inscne amach go dtí 2098. Is cosúil, mar sin, nach leor an cur chuige bog ar chor ar bith.

Is léir, os rud é go bhfuil an tionscadal seo á brú ar aghaidh, go fiú agus an rialtas ag súil le hagóid dhlíthiúil, gur beag an muinín atá in éifeachtacht na modhanna eile chun dul i ngleic leis an fhadhb mhór seo.