Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 8, 2019

Tá TEP Trína Chéile. Ní Chaithfidh Sé Bheith Mar Seo

Ba chinnte go mbeadh dushlán le mórathruithe in oideachas na Tríonóide, agus tá an ceart ag mic léinn bheith míshásta.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is léir nach bhfuil mic léinn sásta maidir leis an gcaoi ar cuireadh Tionscadal Oideachas na Tríonóide i bhfeidhm i mbliana.

Dhearbhaigh an litir, curtha le chéile ag grúpa beag mac léinn, ach sínithe ag breis agus 100 go bhfuil fearg le braistint faoin mbealach a cuireadh an bhliain i bhfeidhm.

Ní chóir go mbeidh an fhearg seo ina ábhar iontais don Choláiste. Ba chinnte go mbeadh dushlán le mórathruithe in oideachas na Tríonóide agus tá an ceart ag mic léinn bheith míshásta lena dtionchar ar a bhfeidhmíocht acadúil – go háirithe nuair a bhí amchlár plódaithe acu nó líon mór spriocdhátaí ag teacht ag an am céanna.

ADVERTISEMENT

Bhí taithí éagsúil ag mic léinn: bhí cúpla scoil agus cúpla léachtóir a smaoinigh go cuimsitheach chun measúnú a athrú agus tionscnaimh, obair i ngrúpaí, agus cur i láthair a úsáid, gan barraíocht brú a chur ar mhic léinn.

Má tá téama ar leith le feiceáil, is é an mhíshástacht. Mothaíonn mic léinn fós amhail is nár éist éinne leo, agus gur cuireadh athruithe i bhfeidhm go tapaidh gan díograis an Choláiste.

Bhí leisce ar an lucht léinn chun tacú le Tionscadal Oideachas na Tríonóide agus bhí dream beag i gcoinne aon athruithe – de bharr an tionchair a bheadh ag athruithe sa struchtúr bliana agus curiciliam ar a dtaighde.

Ag deireadh na dála, teastaíonn athrú san oideachas ó fhormhór na mac léinn. Tá obair agus staidéar dinimiciúil agus bunaithe ar thaithí ag teastáil uathu agus tá siad ag iarraidh tairbhe a bhaint as smaointí núalacha an tionscnaimh.

Ní raibh an méadú brú a d’eascair as an gcóras nua – nach bhfuil tairbhe ar bith leis – ag teastáil ó éinne. Titeann cuid den locht ar chomhordaitheoirí modúil éagsúla, agus ar a leisce chun an córas nua a chur i bhfeidhm i gceart – níl éinne ag lochtú scrúduithe na Nollag nó measúnú leanúnach.

Is ríthábhachtach, mar sin, go soiléiríonn mic léinn téarmaí na díospóireachta. Is cinnte go bhfuil spriocanna uaillmhianacha ag Tionscadal Oideachais na Tríonóide. Is spriocanna indéanta iad, gur chóir a bhaint amach, ach tá gá le níos mó iarrachta a chur i bhfeidhm chun an t-ualach a leagtar ar mhic léinn a laghdú.