Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 4, 2019

Ba Chóir Comhrá Náisiúnta ar Mhéalú a Thosú i ndiaidh Scéal an Chumann Rámhaíochta

Cuireann cuid is mó de na hollscoileanna Éireannacha i gcéill nach bhfuil cultúr méalaithe in Éirinn.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Do chuid mhór mac léinn, ní cúis iontais a bhí in éirim an scéil Dhéardaoin ar leathanach tosaigh The University Times maidir le cleachtais méalaithe i gCumann Rámhaíochta Choláiste na Tríonóide.

Mar a mhaígh an Bord Eagarthóireachta seo i mí Dheireadh Fómhair tar éis na conspóide le Cumann Cuntasóireachta agus Airgeadais in Ollscoil na Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), ní chaithfidh tú do chluasa a choinneáil oscailte an t-am ar fad chun scéaltaí faoi chleachtais insealbhaithe sna cumainn spóirt agus sna cumainn mhac léinn a chloisteáil.

Ar an drochuair, faraor, ní labhraítear faoi na rudaí seo ach i gcogar, nó ar dhóigh bheagnach ómósach. Cuireadh iachall ar thosaitheoirí sa chumann rámhaíochta, mar shampla, conradh rúndachta faoin deasghnáth bliantúil náireach.

ADVERTISEMENT

As siocair go bhfuil an t-iompar seo rúnmhar, bhí na hollscoileanna Éireannacha ábalta cur i gcéill nach bhfuil a leithéid den chultúr seo, a cheanglaímid leis na cuallachtaí sna Stáit Aontaithe, in Éirinn. Dar le hUachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn Síona Cahill go fiú, “ní rud é sin” anseo.

Mar sin de, cé gur cinnte go raibh sé náireach do gach duine sa chumann rámhaíochta gur clúdaíodh a nósanna aisteacha sna mórmheáin Éireannacha, is é taobh dearfach an scéil ná nach dtig le duine ar bith cur i gcéill nach bhfuil fadhb le réitiú anseo.

Go fiú ón Mháirt, is léir ó na tráchtanna ar line go dtarlaíonn cleachtais mhéalaithe i neart cumainn spóirt i gColáiste na Tríonóide. Leis an tubaiste i DCU, is féidir linn bheith cinnte gur feiniméan forleathan é seo ar fud na tíre.

Cad atá le déanamh? I dtús báire, caithfidh na daoine a cheapann nach bhfuil ach craic gan dochar leis seo féacháint orthu féin sa scáthán. Labhair na daoine amach faoin chleachtas seo in eagla, seachas ar mhaithe le craic. Ní pleidhcíocht ná neartú spiorad foirne atá i lascadh ná truailliú. Tá sé níos cosúla le sádachas.

Is minic a théann tráchtairí thar fóir leis an ghá le “comhrá a thosú” faoi go leor cúrsaí conspóideacha. Ach in Éirinn, is éifeachtach na comhráite náisiúnta chun athrú a spreagadh. B’fhéidir go gcuirfidh scéal an chumann rámhaíochta tús leis an chomhrá.