Radius
Feb 12, 2019

Éigse na Tríonóide: Seachtain Bhríomhar leis an Chumann Gaelach agus TCDSU

Bain tairbhe agus sult as d’oidhreacht chultúrtha féin le féile na seachtaine seo.

Malachi Ó MarcaighDeputy Irish Language Editor
blank
Sam McAllister for The University Times

Óna bhunú sa bhliain 1973, tá Éigse na Tríonóide mar bhuaicphointe Gaelach na bliana ar an choláiste, le chéiliúradh ar theanga, cultúr, ceol agus litríocht na Gaeilge.

Dar leis an Chumann Gaelach, a eagraíonn an fhéile in éineacht le hAontas na Mac Léinn ar bhonn bliantúil, deis atá in Éigse na Tríonóide chun taispeáint don Choláiste agus do dhaoine eile “an bheocht a bhfuil ann i saol na Gaeilge ar champas agus níos faide i gcéin”. Dar leo ní gá líofacht sa Ghaeilge chun tairbhe a bhaint as Éigse na Tríonóide. Mura bhfuil sí sin agat, agus má tá drogall na Gaeilge fós ort, déan réidh leis na cuimhní scoile faoi chois, agus cuir tú féin ar ais i saol na Gaeilge le seachtain ghnóthach d’imeachtaí éagsúla den scoth.

Dé Luain

Deirtear nach bhfuil a leithéid agus béile saor in aisce ann – ach sin an difear idir na Gaeil agus na gaill. Tá tús á chur le hÉigse na Tríonóide 2019 ar a 10:00 i Seomra na Gaeilge le rud a thaitníonn le cách, ná bricfeasta saor in aisce. Tabharfaidh sé seo an fuinneamh cuí, mar sin, don chéilí i gCearnóg Thosaigh ar 12:30 i gcomhpháirt le DU Dance. Má cheapann tusa gur tú an chéad LeBron Séamus eile, nó mura bhfuil ach flosc chun spóirt ort, beidh cluichí cispheile á reachtáil ag an Scéim Chónaithe san Ionad Spórt ar 14:00. San oíche, beidh seoladh oifigiúl Éigse na Tríonóide ar siúl ag 19:00 i Seomra na Gaeilge – agus beidh scoth na haoichainteoirí ó shaol na Gaeilge i láthair ansin ag plé phainéil leis an téama ‘Céard is Gaelachas ann?’ díreach ina dhiadh.

ADVERTISEMENT

Dé Máirt

Ag bogadh ar aghaidh go dtí an Mháirt – an lá is Gaelaí i saol na nGael ar an choláiste – cuirfidh baill foirne ó Oifig na Gaeilge maidin chaife ar siúl ó 10:45 go dtí 11:45 i Seomra na Gaeilge. Má bhíonn drogall na Gaeilge ortsa de ghnáth, beidh deis agat dul i ngleic leis an chúpla focal ag Speak Me I’m Irish sa Seomra Domhanda ag meánlae. Má tá ceol traidisiúnta uait, téigh go dtí an Cheardlann Fheadóg Stáin atá á reachtáil ag TradSoc i Seomra na Gaeilge ag 15:00. Bí cruthaiteach agus téigí go dtí Seomra na Gaeilge ag 18:00, áit a gcuirfear Cúirt Éigse ar siúl le Trinity Literary Society agus TradSoc, le ceol, filíocht agus scéalaíocht de gach saghas.

Dé Céadaoin

Más rud é go bhfuil comhluadar de dhíth i ndiaidh oíche na mac léinn sa chonradh, tá an Scéim Chónaithe ag cur Pop-Up Gaeltacht ar siúl sa Bhutrach ag 10:30 maidin Dé Céadaoin. Bí i do staraí ar feadh an lae ag Ceardlann Lámhscríbhinn sa Seomra Domhanda i gcomhpháirt le TAF – tá a lán éilimh don imeacht seo agus caithfear clárú roimh ré. Mar is gnáth, cuirfidh an Cumann Gaelach lón saor in aisce ar fáil ag 13:00. Ag 18:00 craolfaidh an Cumann Scannánaíochta “An Saothraí”, scéal faoi chailín óg ag fás aníos san Afganastáin, i seomra 3106 i mBloc na nEalaíon.

Déardaoin

Ciamar a tha do Ghàidhlig? Ná bí buartha mura bhfuil sí foirfe agat cheana – beidh rang Gaidhlige do thosaitheoirí ar 11:00 i seomra 5052 i mBloc na nEalaíon. Má chuireann an smaoineamh sin strus nó brú ort, thig leat do scíth a ligint le DU Meditation ag a seisiún Machnamh Féin-Ghrá i seomra 50 san Aitriam ar 14:00. Beidh sé sin mar shos réchúiseach roimh raic an Díospóireacht Ghrinn in éineacht le UCD ar 18:00 i Seomra na Gaeilge. Díreach ina dhiaidh sin, beidh Torramh Bréagach ar siúl sa Pav – tabhair ómós le cannaí saoire – agus ansin beidh na caointeoirí bréagacha ar fad ag fáil faoisimh i gClub Chonradh na Gaeilge go dtí fáinne geal an lae.

Dé hAoine

Mar a deir an seanfhocal, maidin bhrónach a leanann oíche aerach. An leigheas amháin ar an eagla iar-chonartha? Beidh bricfeasta mór Gaelach ar fáil i Seomra na Gaeilge ó 10:00. Fág do náire ar do chúl, tar agus déan réidh leis an phóit agus tú ag plé na craice ón oíche roimhe le bricfeasta friochta i do bholg. Má éiríonn leat teacht ar ais chun céill ina dhiaidh sin, thig leat dul san iomaíocht i dTráth na gCeist ar 11:00 san áit chéanna. Beidh cúpla uair an chloig mar shos ina dhiaidh scíth na maidine, agus chun deireadh a chur leis an seachtain bhríomhar seo, beidh Athsheoladh an Fhoclóir Aiteach & Comhrá faoi Théarmaíocht LADT i dteangacha eile ar siúl ar 15:00.

Má tá sé de rún ag an Chumann Gaelach taispeáint go bhfuil beocht i dteanga agus saol na Gaeilge san ardchathair, is beag an fianaise eile a bheas ag teastáil i ndiaidh na n-imeachtaí éagsúla atá eagraithe don seachtain seo. Bí leo, faigh blas agus bain tairbhe as d’oidhreacht chultúrtha féin.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.