Radius
Feb 13, 2019

Féiniúlacht, Cultúr agus Teanga – Ceist an Ghaelachais leis an Chumann Gaelach

Eagraíodh an plé phainéil i Seomra na Gaeilge chun Seachtain na hÉigse a sheoladh.

Eoin O'HareIrish Language Editor
blank
Ben Morrison for The University Times

Is casta caidreamh na nÉireannach lena bhféiniúlacht náisiúnta féin. Is casta fós caidreamh na nÉireannach lena dteanga féin – rud a bhfuil dlúthbhaint aici féin le ceist na féiniúlachta i dtír ar bith.

Dúshlán nach beag a bhí roimh an Chumann Gaelach, mar sin, agus é ag plé na ceiste “Céard is Gaelachas ann?” chun Seachtain na hÉigse a sheoladh go hoifigiúil i Seomra na Gaeilge oíche Luain.

In éineacht le Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, Caolán Mac Grianna, bhí Osgur Ó Ciardha, comhbhunaitheoir an Phop Up Gaeltacht; Siún Ní Dhuinn, Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge le RTÉ agus podchraoltóir le ‘Beo ar Éigean’; An Dr. Eoin Mac Cárthaigh, Ceann Roinne Roinn na Gaeilge Choláiste na Tríonóide; agus Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha agus Leas-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, chun an cheist leathan seo a phlé.

Rud amháin atá chomh casta leis na caidrimh idir muintir agus cultúr na hÉireann, ná coincheap an Ghaelachais é féin. Tá níos mó ná teanga i gceist anseo – tá ceisteanna cultúir agus féiniúlachta ann fosta. Ach is deacair an Ghaeilge a bhaint den cheist seo.

Is léir, ón taithí éagsúil a bhí ag na haoichainteoirí leis an Ghaeilge ina n-óige, an bhaint atá aici le féiniúlacht phearsanta an duine. Ní raibh Gaeilge ag Aodhán Ó Deá mar pháiste. Labhraíonn sé ar bheith “ciúin cúthalach” ar scoil – is trí fhoghlaim na Gaeilge ar choláistí samhraidh ar fhorbair sé na scileanna sóisialta nach raibh aige roimhe. “Mhothaigh mé níos compordaí sa Ghaeilge i gcónaí. Ach sin dearcadh róshíceolaíoch ar an teanga, b’fhéidir”, arsa sé le gáire.

Is deacair, áfach, sícé an duine a bhaint de cheist na teanga in Éirinn. Nascann Siún rogha a tuismitheoirí chun a bpáistí a chur trí Ghaelscolaíocht le dearcadh náisiúnach seachas grá don teanga – ach “oscailt súile a bhí sa dóigh ar luigh muid isteach léi, ní amháin leis an teanga ach le cúrsaí cultúrtha”.

Tógadh Osgur trí mheán na Gaeilge – labhraíonn sé anseo ar an “ghaol ait” leis an teanga san ardchathair. “Mhothaigh mé go raibh mé scoite amach, go raibh mé éagsúil. Measaim go bhfuil sé sin théis fanacht liom”. Tá taithí Eoin cosúil le taithí Aodháin, toisc nár labhair sé Gaeilge go dtí na déaga – ach cosúil le hOsgur, mothaíonn sé gur “rud gallda aisteach a bhí sa Ghaeilge” ina phobal áitiúil. Ach is cuid thábhachtach d’fhéiniúlacht í – “ní bheadh Éire chomh Éireannach gan í”.

Osclaíonn na taithithe éagsúla seo leis an teanga náisiúnta fiosrúchán agus léargas luachmhar ar na caidrimh chasta luaite thuas, a leanann ar aghaidh go dtí deireadh an phlé.

Maidir le féíniúlacht náisiúnach, aithníonn Osgur nach n-ionann Éireannachas agus Gaelachas – níl sa Ghaelachas ach gné amháin i bhféiniúlacht leathan chasta. Dar leis, áfach, ní dhéanann an Stát go leor chun an gné Gaelach seo a léiriú. Téama athfhillteach atá le feiceáil anseo do chuid eile na hoíche – déanann Siún tagairt leis an “othering” a dhéantar ar lucht na Gaeilge i measc an phobail mhóir, ag rá gur “rud diúltach an téarma ‘Gaeilgeoir’ sa Bhéarla”.

Bhí an meon céanna ag Aodhán – ach bheartaigh seisean seilbh a ghlacadh ar an lipéad. “An fáth go bhfuil mé sásta rá gur Gael mé ná gur laghdaíonn sé an méid daoine a deir nach labhraitear Gaeilge”.

Ach níl na ‘Gaeilgeoirí’ scoite amach ón phobal Béarla amháin – labhraíonn Siún ar an fhéiniúlacht pobail atá ag muintir na Gaeltacha. “Tá mise Gaelach, ach níl mé ar an speictream le muintir na Gaeltachta”.

Is é seo croí na ceiste dar le hOsgur. “Nach bhfuil muid uilig ar an speictream?” Ní gá Gaelachas a bhaint le caighdeán nó gníomhaíocht ar leith. Is léir ó thús an comhrá gur coincheap solúbtha suibiachtúil atá ann.

Ach ní choisceann sin meon caolaigeanta ná dúnta i leith an Ghaelachais in amanna. Bíonn Osgur imníthe maidir le daoine atá i bhfad amach ar an eite dheis ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar an Ghaelachas mar rud éilíteach – dar leis, tá dualgas orainn “caint amach ar son na ndaoine atá thíos leis” go ginearálta, ach go háirithe ar son na Gaeilge. Cé go n-aontaíonn Aodhán sa chomhthéacs seo, is fuath leis go dtagann lipéad polaitiúil áirithe le labhairt na Gaeilge.

Is léir an teannas i saol na Gaeilge idir bheith oscailte don phobal mór agus staid na teanga a neartú agus a fhorbairt ar an taobh istigh. Tá sé seo le feiceáil sa chóras Gaelscolaíochta – dar le hEoin, is “deacair do dhaoine taobh amuigh den chiorcal” dul isteach sna Gaelscoileanna, atá “iontach meánaicmeach” in amanna.

Ach cad é mar a réitítear an teannas seo go ginearálta? Dar le Siún, caithfidh muid “dul i ngleic” leis an phobal mór chun a mheon a athrú. De réir Osgur, tá gá le bheith níos oscailte do dhearcadh eile chun é a athrú. “Fiú má tá cleachtadh agat ar na hargóintí, téigh amach as an bhosca, agus beidh tú ábalta comhráite níos suimiúla a bheith agat”.

Thiocfadh leis an cheathrar, is cosúil, leanúint ar aghaidh ag plé na gceisteanna seo ar feadh na hoíche. Thiocfadh leis an seomra lán fanacht ag éisteacht leo. B’fhéidir gur gné tábhachtach é sin i nGaelachas an lae inniu – tagann amhras le castacht na bhféiniúlachtaí in Éirinn, a spreagann fonn fiosrúcháin síoraí agus na comhráite mar seo. Agus ag deireadh na dála, an drochrud é féinmhachnamh?

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.