Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 4, 2019

Níl an Dualgas ar Mhic Léinn Tionscadal Oideachais na Tríonóide a Réitiú

Bhí na mic léinn agus oifigigh an Choláiste go hiomlán ag teacht salach ar a chéile ag an fhóram oscaile Dé Chéadaoin.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ag fóram oscailte ar Thionscadal Oideachais na Tríonóide Dé Céadaoin, eagraithe ag Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU), bhí na mic léinn agus na baill foirne ag teacht salach ar a chéile ón tús.

Ar thaobh amháin, bhí na mic léinn, a chonaic san imeacht deis chun tabhairt amach faoi thionscadal atá lochtach ó bhun go barr. Cén toradh a bhí á lorg acu? Beart láithreach chun an brú iomarcach atá orthu a bhaint agus chun measúnacht chothrom a chinntiú i mbliana.

Bhí ionadaithe an Choláiste ag súil le rud éigin iomlán éagsúil. Armtha le beartas agus leis an idé-eolaíocht taobh thiar den tionscadal, bhí an Leas-Propast Chris Morash agus an Léachtóir Sinsearach Kevin Mitchell sásta míniú cén fáth a ndearnadh athruithe, agus éisteacht le mionfhadhbanna a chuir isteach ar chúpla cúrsa – ní raibh siad ag smaoineamh ar chúiteamh ná ar thobréitigh chun an t-ualach a bhaint de mhic léinn an téarma seo.

ADVERTISEMENT

Dá mhéad a mhínigh Morash agus Mitchell “léarscáilíocht na measúnachta” agus ualú na hoibre le creidiúintí – cé go raibh deá-thoil acu – is mó fearg a tháinig ar na mic léinn. Chuir siad a dtaithí féin, leis an oiread céanna scrúduithe agus tascanna acu i dtréimhse níos giorra, i gcoinne na pointí seo.

Ní seo an chéad uair nach raibh an Coláiste agus na mic léinn ag teacht lena chéile, ar ndóigh, ach is níos lú ná bliain ó chuir Tóg ar ais an Tríonóid an campas bun os cionn – ba chóir go mbeadh Morash agus Mitchell ag glacadh an chineál seo cáinte i ndáiríre.

Bíodh gur mhaígh siad go raibh an locht ar chúpla scoil, d’áitigh na mic léinn go raibh an taithí seo uilíoch, agus go mbeadh ar rud éigin géilleadh – síneadh ar thréimse samhraidh na scrúduithe nó stáidéir, mar shampla.

Más rud é go raibh ceannairí Thionscadal Oideachais na Tríonóide chun fíoramhrais na mac léinn a mhaolú le caint ard faoi athrú cultúir agus beartais, tá siad ag meas faoina luach an brú atá a mjothú ag mic léinn de dheasca an tionscadail.

Ar ndóigh, caithfidh nach bhfuil sé éasca dóibh nach bhfuil scoileanna ar fud an Choláiste ag glacadh le bunphrionsabail an togra. Ach is é dualgas an Choláiste, seachas dualgas na mac léinn, chun na fadhbanna seo a réitiú.