Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 11, 2019

Tá Achomharc an Rialtais ar Chearta Ardoideachais Praiticiúil Seachas Bithiúnta

Tá an t-achomharc ar rialú na hArd-Chúirte ag iarraidh teacht roimh réiteach an bhealaigh dhlíthiúil.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

I gcinneadh iomráiteach i mí Mheán Fómhair, rialaigh an Ard-Chúirt go raibh Rebecca Carter i dteideal athcheartúcháin ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit ar scrúdú teastais shinsearaigh a bhí ceartaithe go mícheart.

D’aithin an Breitheamh Richard Humphries leis an chinneadh seo ceart nach raibh le fáil sa Bhunreacht go dtí seo – “rochtain réasúnta ar ardoideachas agus ar ghairmoiliúint”.

Ar an chéad spléachadh ar chinneadh na seachtaine seo ón Aire Oideachais, Joe McHugh, chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh seo, tá an chuma ar an scéal arís gur beag an gean atá ag an rialtas ar chúrsaí ardoideachais le mímhacántacht mar seo.

ADVERTISEMENT

Is lú fós an dul chun cinn atá déanta ag an rialtas ar chúrsaí mhaoiniú ardoideachais, blianta tar éis foilseacháin an tuairisc Cassells, le coláistí ar fud na tíre ar an dé deiridh i ngéarchéim airgeadais.

Ach níl achomharc an rialtais chomh bithiúnta. Le fírinne, tá an gníomh seo praiticiúil seachas idé-eolaíoch. Bhí conclúid na hArd-Chúirte – go bhfuil ceart neamháirithe chun ardoideachais sa Bhunreacht – gan fasach. Nuair a bhris an scéal, cuireadh ionadh ar neart daoine i measc lucht an dlí leis an chinneadh agus lena thionchar forleathan féideartha sna cúirteanna Eireannacha.

Cé nach bhfuil conspóid le rochtain ar bhunoideachas agus ar mheánoideachas, is annamh a aithnítear ceart chun ardoideachais – fiú sna tíortha a cheaptar go bhfuil siad forbartha cothromaíoch.

Agus é ag déanamh fasaigh le tuiscint chomh leathan ar an cheart chun ardoideachais anseo, tá an stát ag mealladh an chineál agóide dlíthiúla a chuirfeadh sceimhle ar aon rialtas ar bith.

Níl achomharc McHugh ag séanadh go raibh áit ar an choláiste tuilte ar Carter – tá córas comhairimh na bpointí don Teastas Sinsearach, de bharr an cháis seo, athchóirithe cheana féin. Níl séanadh an chirt bhunúsaigh chun ardoideachais mar phríomhrún ach an oiread, cé gur rialtas Fine Gael atá i gceist.

Ag deireadh na dála, is gníomh réadúil é seo ón rialtas chun teacht roimh réiteach an bhealaigh dhlíthiúil, agus chun soiléiriú riachtanach a fháil – go fiú má shoiléiríonn an Chúirt Uachtarach go bhfuil an ceart seo ann.