Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 11, 2019

Théis Conspóid Idirnáisiúnta a Tharraingt, Tá Mary Robinson ag Seoladh an tSeachtain Ghlas

Baineann baint Robinson le conspóid Sheikha Latifa de cháil an bhreithiúnais atá aici.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ba réalt í Mary Robinson i gColáiste na Tríonóide ar feadh na gcianta. D’fhreastail sí mar Sheansaléir na Tríonóide ar feadh scór bliana – beidh sí ag éirí as i mbliana – agus is í duine de na figiúirí is clúití ón gcoláiste.

Ach sé seachtain ó shin, bhí iar-uachtarán na hÉireann sáite i gconspóid maidir lena tráchtanna ar bhanphrionsa ó Dubai, Sheikha Latifa. I ndiaidh di “bean óg priaclach” a thabhairt ar Latifa, dúradh gur “ceithearnach deonach” í Robinson i réimeas Dubai a luaitear le céastóireacht agus príosúnacht.

Is ábhar iontais é, mar sin, go raibh freagra chomh dearfach – agus easpa díospóireachta – ar fhógra Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) go mbeidh Robinson ag seoladh Seachtain Ghlas an aontais i mbliana.

ADVERTISEMENT

Tá scéal Sheikha Latifa – luagtha amach inniu sa New York Times – thar a bheith anacrach, agus ba chóir go gcuirfeadh ról Robinson isteach ar mhic léinn na Tríonóide.

Agus í mar fheachtasóir chearta daonna thar na blianta, mheall Robinson conspóid in amanna – i 2001, mar shampla, sáinníodh í i scannal maidir lena maoirseacht ar an Chomhdháil UN ar Chiníochas san Afraic Theas – ach níor fágadh smál ar a cliú den chuid is mó. Aithnítear í freisin mar cheann de na guthanna is mó ag éileamh gníomhaíochta le hathrú aeráide.

Is cáintí i bhfad a ról i gconspóid Latifa, áfach. Tá sé deacair an cás a shéanadh gur chabhraigh Robinson le réimeas amhrasach chun cuma snasta a chur ar iarracht éalaithe mná óige agus ar a gabháil

Tá cinneadh Robinson chun tacú leis an cheannaireacht i Dubai, gan trácht ar a cur féin i gcoinne feachtasóirí cearta daonna ar fud an domhain, ag déanamh dochair do cháil an bhreithiúnais atá aici, agus ardaíonn sé ceisteanna faoina cúiseanna.

Sa chomhthéacs seo, is corraitheach nach bhfuil na mic léinn corraithe. Léiríonn an easpa díospóireachta ar líne maidir le fógra TCDSU nach dtéann iompar Robinson i bhfeidhm ar mhic léinn mar is cóir.

Tá ceisteanna tromchúiseacha le freagairt ag Seansailéir na Tríonóide maidir lena páirt i gcás Sheikha Latifa. Tá dualgas ar mhic léinn chun í a choinneáil cuntasach – agus chun an meas doscriosta a léiríonn an Coláiste di a cheistiú.