News
Mar 7, 2019

Céad Oifigeach Gaeilge Riamh Tofa ag QUBSU

Beidh Aodhán Ó Baoill mar an chéad oifigeach Gaeilge san aontas ó cruthaíodh an post anuraidh.

Eoin O'HareEagarthóir na Gaeilge
blank
Sinéad Baker for The University Times

Tá Oifigeach Gaeilge tofa in Aontas na Mac Léinn Ollscoil na Banríona (QUBSU) den chéad uair i stair an choláiste.

Toghadh Aodhán Ó Baoill oíche Chéadaoin, gan iomaíocht ar bith ina éadan, le 76 faoin gcéad den 1,267 ag vótáil ar a shon.

I ráiteas ríomhphoist don University Times, dúirt Ó Baoill: “Mothaim go hiontach agus mise tofa mar an chéad Oifigeach Gaeilge ar Ollscoil na Ríona, tá sceitimíní orm chun tús a chur leis an obair uilig.”

ADVERTISEMENT

Le cúlra aige i bhfeachtasaíocht na Gaeilge leis an Dream Dearg, rith Ó Baoill ar chlár bunaithe ar “cearta, cothromas agus aitheantas”. Ina fhorórgra, dúirt sé go mbeadh sé “mar ghlór ar son gach mac léinn agus glór atá de dhíth ar lucht labhartha na Gaeilge ar champas”, le gealltanais éagsúla maidir le comharthaí dátheangacha agus le ceathrú Gaeltachta mar lóistín mhac léinn.

Cruthaíodh post páirtaimseartha an oifigigh Gaeilge i ndiaidh vóta ag comhairle QUBSU i mí na Samhna anuraidh. Tháinig an vóta cúpla mí i ndiaidh conspóide maidir le diúltú na hollscoile comharthaí dátheangacha a chur i bhfeidhm sa choláiste.

Is é Ollscoil na Banríona an coláiste amháin i dTuaisceart Éireann le hoifigeach aontais don Ghaeilge. Vótáil Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) Oifigeach na Gaeilge a chur i bhfeidhm mar phost lánaimseartha dhá bhliain ó shin.

Tarlaíonn an toghchán seo agus cúrsaí Gaeilge i lár an aonaigh ó thuaidh, leis an rialtas cineachta ag Cnoc an Anfa ar fionraí le dhá bhliain de dheasca easaontaithe idir Sinn Féin agus an DUP maidir le cosaint reachtúil don Ghaeilge.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.