Comment & Analysis
Mar 30, 2019

Cúis Ceiliúrtha don Ghaeilge i QUB – ach Tá Cúram ag Teastáil

Tá an teanga anois i lár an aonaigh i bpolaitíocht na mac léinn chomh maith le polaitíocht ag Cnoc an Anfa.

Eoin O'HareEagarthóir na Gaeilge

Leis an scéal ag tús na míosa gur toghadh oifigeach Gaeilge in Ollscoil na Banríona Bhéal Feirste den chéad uair riamh i stair an choláiste, ba léir athrú atá ag teacht de réir a chéile ar an Tuaisceart le céad bliain anuas.

Ní rún ar bith é go bhfuil castacht ag baint le cúrsaí Gaeilge i dTuaisceart Éireann óna bhunú. Leis an stát múnlaithe de réir meoin ar thaobh amháin den phobal don chuid is mó, níor fágadh mórán spáis do chultúr ná féiniúlacht Ghaelach sa saol poiblí. Bhí an t-easpa cothromaíochta idir an dá fhéiniúlacht náisiúnta sa Tuaisceart mar chúis mhór amháin taobh thiar den ghluaiseacht ar son chearta sibhialta ag deireadh na seascaidí, agus bhí an teannas céanna le mothú i rith na dTrioblóidí ina diaidh.

Mar aon le deireadh a chur leis an choimhlint, bhí Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998 in ainm agus deireadh a chur le hachrann na féiniúlachta chomh maith. Mar chuid lárnach den chomhaontú, agus rud a bhí mar bhunchoincheap sa phróiseas síochána, deimhníodh sa téacs go raibh “comhurraim” idir an Briotanachas agus an Éireannachas i dTuaisceart na hÉireann. Le fiche bliain anuas, mar sin, tá sochaí úr a chruthú de réir a chéile ina bhfuil comhionannas iomlán idir an dá phobal, rud atá riachtanach chun todhchaí fadtéarmach an stáit a chinntiú.

ADVERTISEMENT

Ní ionann sin agus easpa iomlán conspóide ar cheist na féiniúlachta ó thuaidh. Tá an chothromaíocht chigilteach seo faoi bhrú mór le blianta beaga anuas – le hathrú déimeagrafach suntasach ina bhfuil an pobal Caitliceach ag fás i gcomparáid lena mhacasamhail Protastúnach, tá teannas le mothú ar cheisteanna maidir le féiniúlacht chultúrtha agus a cur in iúl sa saol phoiblí. Is breis agus dhá bhliain, mar shampla, ó bhí tionól ná feidhmeannas i bhfeidhm ag Cnoc an Anfa, le heasaontú maidir le hAcht Gaeilge mar chnámh spairne sna cainteanna agus ag coinneáilt an rialtais ar fionraí. Tá sé comharthach go bhfuil ceist na Gaeilge, atá bunúsach i gceist na comhurraime mar aitheantas oifigiúil don fhéiniúlacht Ghaelach sa Tuaisceart, ina ábhar conspóide fiche bliain i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta.

In éineacht lena teacht chun cinn sa pholaitíocht ghinearálta, tá ceist na teanga i ndiaidh teacht i lár an aonaigh sa pholaitíocht mac léinn ó thuaidh. Tháinig toghchán an oifigigh Gaeilge úir in Ollscoil na Banríona, Aodhán Ó Baoill, níos lú ná bliain i ndiaidh conspóide nuair a dhiúltaigh an coláiste comharthaí dátheangacha a chur i bhfeidhm san ollscoil – ag rá gur seans go mbeadh an teanga gríosaitheach nó bagrach do dhaoine áirithe i measc pobal an choláiste. Níos túisce sa bhliain, áfach, vótáil Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Banríona (QUBSU) chun tacú le hAcht na Gaeilge agus le feachtasaíocht phobail do chearta teanga san ollscoil.

Is minic a bhíonn na coláistí in Éirinn mar eiseamláir pholaitiúil do chuid eile na tíre

Is follasach go bhfuil lucht an údaráis, mar sin, as alt le pobal na mac léinn ina n-ollscoil féin. Tá sé seo nascaithe leis an dearcadh atá ag éirí níos coitianta le blianta beaga: nach bhfuil Ollscoil na Banríona fáiltiúil do mhic léinn as cúlra aontachtach. Caithfidh nach bhfuil ceannairí an choláiste, lena bhuairt mar gheall ar fheiceálacht na Gaeilge, ag iarraidh go gcuirfear leis an eagla seo.

Tá an imní seo intuigthe. Níl sí, áfach, bunaithe sa réaltacht. Níl an Ghaeilge – teanga dhúchasach an oileáin seo, scartha ó dhearthaí polaitíochta – bagrach do dhuine ar bith. De bharr an athruithe déimeagrafigh sa sochaí ó thuaidh, chomh maith le prionsabal na comhurraime sa saol poiblí, tá pobal Gaelach náisiúnach sna hollscoileanna – áit a bhfuil an t-athrú déimeagrafach seo níos feiceálaí de bharr aois óg an phobail – in ann bheith oscailte muiníneach ina fhéiniúlacht féin ar dhóigh nach raibh ar fáil dóibh tráth. Ní ionann sin agus ionsaí ar an phobal aontachtach. Ní ionann comhionannas agus leatrom ar an iarlucht na cumhachta. Tá sé riachtanach go n-aithnítear an réaltacht seo – gur gá go bhfuil gach gné den phobal compordach sa sochaí roinnte ó thuaidh – chun todhchaí fadtéarmach Thuaisceart Éireann a chinntiú.

Ach ní chiallaíonn sé seo nach bhfuil cúram ag teastáil leis an Ghaelachas ó thuaidh. Le saoirse na féiniúlachta atá ar fáil dó anois, tá sé ríthábhachtach go seachnaíonn an pobal náisiúnach cathú an caithréimeachais ar a chomharsana, maidir le cultúr ginearálta ach go háirithe i gcás na teanga. Caithfear a thaispeáint do dhaoine nach as cúlra “traidisiúnta” dóibh go bhfuil an Ghaeilge oscailte fáiltiúil mar ghné cultúrtha an oileáin seo nach mbaineann le traidisiún polaitíochta ar bith. Ach tá an chuma ar chúrsaí gur beag an baol go dtarlóidh sé seo, a fhad is go nglactar cúram. Gheall Ó Baoill ina fhorórgra go mbeadh sé “mar ghlór ar son gach mac léinn agus glór atá de dhíth ar lucht labhartha na Gaeilge ar champas”, rud nach dtagann salach ar chor ar bith ar oscailteacht sa teanga. Ní chaithfidh lucht na Gaeilge sna hollscoileanna ó thuaidh cúis na teanga a ghéilleadh chun an sprioc seo a bhaint amach.

Ní chaithfidh lucht na Gaeilge sna hollscoileanna ó thuaidh cúis na teanga a ghéilleadh chun an sprioc seo a bhaint amach

Is minic a bhíonn na coláistí in Éirinn mar eiseamláir pholaitiúil do chuid eile na tíre. Bhí na haontais mac léinn ar thús cadhnaíochta, mar shampla, sna reifrinn sa deisceart maidir le comhionannas pósta agus cearta atáirgthe na mban. Ba chóir don phobal Gaelach sna hollscoileanna ó thuaidh bheith mar eiseamláir do chuid eile an tsochaí ar an dóigh le comhurraim mar is ceart a chur i bhfeidhm, le muinín agus bród ina fhéiniúlachtaí éagsúla féin.

Céim láidir sa treo ceart atá déanta ar son na Gaeilge ag lucht Gaelach na gcoláistí ó thuaidh – go leanfaidh sé ar aghaidh leis an mhisneach agus an cúram atá ag teastáil don phobal ar fad.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.