Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 11, 2019

Tá Infheistíocht ag Teastáil chun Freastal ar na Mic Léinn Idirnáisiúnta

Caithfidh an coláiste na tacaíochtaí agus na seirbhísí is dual do scoth-ollscoil a chur ar fáil.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Dar le leathanach Caidrimh Domhanda ar shuíomh idirlín an choláiste, “Tá Coláiste na Tríonóide tiománta chun cinntiú go mbíonn taithí dearfach ag gach mac léinn idirnáisiúnta le linn a chuid stáidéir, agus go mbaineann siad gach tairbhe as saol an choláiste”.

Chun a cháil idirnáisiúnta mar scoth-ollscoil a chaomhnú, in aghaidh ghéarchéim maoinithe in ardoideachas in Éirinn, beidh cumas Coláiste na Tríonóide chun na mac léinn is fear ar fud an domhain a mhealladh ríthábhachtach.

Ní cúis mhór iontais do phobal na Tríonóide, áfach, a bheidh sa scéal le linn na seachtaine go bhfuil ceithre oiread níos mó seans go mbainfidh mic léinn idirnáisiúnta sa choláiste úsáid as a sheirbhísí comhairleoireachta. Tá líon na mac léinn idirnáisiúnta méadaithe faoi dhó le sé bliana, agus tá amhras faoi chumas an Choláiste leis tacaíocht a sholáthar mar atá ag teastáil ó mhic léinn idirnaisiúnta chun an taithí a ghealltar dóibh a bheith acu.

ADVERTISEMENT

Ní féidir ach an oiread séanadh go mbíonn an Tríonóid, agus é ag iarraidh iarmhairtí an ghéarchéim maoinithe a chosc, ag caitheamh leis an dream idirnáisiúnta mar thálaithe airgid. Cé go ndeachaigh an Coláiste siar ar a chinneadh anuraidh chun méadú cúig faoin gcéad a chur ar tháillí idirnáisiúnta anuraidh, is ríshoiléir le tamall go bhfuil na mic léinn seo agus a gcuid airgid á n-úsaid mar sceach i mbéal bearna.

Bheadh sé mí-ionraic neamhaird a thabhairt ar na cúiseanna éagsúla, leis an bhrú a thagann le bheith ar shiúil ón bhaile mar shampla, gur dócha go bhfuil seirbhísí sláinte an choláiste ag teastáil níos mó ó mhic léinn idirnáisiúnta ná ón ghnáthmhac léinn.  

Ach má tá an Tríonóid chun bhrath ar mhic léinn idirnáisiúnta chun a scoth-cháil a chaomhnú, caithfidh sé na tacaíochtaí agus na seirbhísí is dual do scoth-ollscoil a chur ar fáil. Is é sin le rá ná beidh air tuilleadh infheistíochta a sholáthar má tá sé chun caitheamh le mic léinn idirnáisiúnta mar fhoinse airgid, rud atá íorónta.

Agus gan an infheistíocht i seirbhísí comhairleoireachta atá ag teastáil chun freastal ar riachtanais a chuid mic léinn idirnáisiúnta atá ag fás, ní dhéanfaidh an coláiste ag dochar dá cháil idirnáisiúnta sa deireadh.