Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 18, 2019

Tá na Fir Spóirt Iomráiteacha seo ag Buanú Smaointí Seanchaite ar Dhílseacht agus Tiomántas

Ní dhéanann baint na ndaoine iomráiteacha seo ach cur le tromchúis na ceiste.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Leis an aird náisiúnta a tharraing scéal Cumann Rámhaíochta Ollscoil Átha Cliath (DUBC), dúirt an Bord Eagarthóireachta seo go raibh súil aige go spreagfaí comhrá náisiúnta ar na cleachtais contúirteacha seo.

Ina ionad sin, trí sheachtain ina dhiaidh, cuireadh dream eile tríd oíche uiríslithe faoi chuid d’fhir spóirt is iomráití san ollscoil ag searmanas insealbhaithe le Ridirí na Campainíle.

Ní dhéanann baint na ndaoine iomráiteacha seo ach cur le tromchúis na ceiste. Agus é ag cur an chultúir seo chun cinn, tá an dream éilíteach seo, agus cinn eile cosúil leis ag buanú smaointí seanchaite ar dhílseacht agus tiomántacht – cé go bhfuil muid in ainm agus fearúlacht nimhneach agus noirm patrarcarcha a ruaigeadh na laethanta seo.

ADVERTISEMENT

Bhí an grúpa neamhbhuartha go raibh a fhios ag cuid mhór mac léinn go raibh an insealbhú ar siúl – is léir dearcadh sotalach agus muinín ag an dream nach dtabharfaí chun cuntais faoin dóigh a gcaitheann siad lena gcomh-mhic léinn.

Trí thuairisciú iniúchach de chuid The University Times, áfach, tá na hinsealbhuithe rúnda seo curtha díreach i mbéal an phobail. Is fianaise é ar leas an phobail i nochtú na gcleachtas seo ná an fonn a bhí ar iriseoirí agus na meáin náisiúnta chun an scéal a scaipeadh.

Cé nach fiú móran an méid a tharla ar an 27 Feabhra – dar le cuid daoine – i gcomparáid le scéaltaí faoi lascadh agus struipeáil, ba chóir go gcaitear leis sin leis an bhuairt agus an cáineadh céanna.

Ar nós rud ar bith eile, tá éagsúlacht i ndéine an mhéalaithe. Is deacair teacht ar shainmhíniú amháin, ach tá na tréithe céanna le feiceáil i gcónaí: cosaint traidisiúin, éagsúlacht cumhachta idir na rannpháirtithe agus “toil” chun páirt a ghlacadh. Mura nglactar páirt, bíonn eagla go minic go gcaithfear leo le dhímheas nó scoiteacht.

Ach cé gur shonraigh na tuairiscí seo na gníomhartha fisiciúla a chuireann cuid de na grúpaí seo iachall ar dhaoine a dhéanamh, is minic a dhéantar dearmad ar ghné síceolaíoch an mhéalaithe.

Mar chuid den chumhacht a bhaineann leis na deasghnátha seo ná easpa feasa an duine ar cad atá i ndán dó. B’fhéidir gur uirísliú nó ionsaí fisiciúil a bheidh ann. Ní léiríonn sé meas agus is cinnte nach bhfuil sé oiriúnach i measc daoine a bhreathnaíonn orthu féin mar cheannairí. Má cheapann na fir seo go bhfuil sé inglactha caitheamh lena chéile mar seo, is fiú ceistiú cén dóigh a chaitheann siad lena gcomhimreoirí.