Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 18, 2019

Thar Am, Tá Neart le Cruthú ag an bhFeachtas Maoinigh an Todhchaí

Tá cinneadh an rialtais chun dul i gcomhairle an Choimisiúin Eorpaigh le hiasachtaí mac léinn ag spreagadh USI chun gnímh faoi dheireadh.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Glacfaidh Aontas na Mac Léinn in Éireann (USI) gníomh díreach an Déardaoin seo chun feachtasaíocht a dhéanamh ar mhaoiniú ardoideachais ar champais ar fud na tíre ar fad. Tá sé seo thar am.

An tseachtain seo caite, rinne ceannairí aontais na mac léinn cáineadh ar néamhaird an rialtais ar an ardoideachas san Irish Times agus agus ar fhéidearthacht na n-iasachtaí mac léinn. Chuir an litir tús freisin leis an bhfeachtas “Maoinigh an Todhchaí”. Ba í uachtarán USI Síona Ní Chatháil, ar ndóigh, an chéad sínitheoir ar an litir.

Bhí an ceart ar fad ag an litir – ach tá a práinne go sonrach as alt le gníomhaíocht USI le bliain anuas.

ADVERTISEMENT

Ar feadh cúpla mí anois, tá sé ráite go neamhchúiseach ag ceannairí i ngluaiseacht na mac léinn go bhfuil an cath buaite i gcoinne iasachtaí mac léinn. Léiríonn gníomhaíocht ó aontas náisiúnta na mac léinn an meon céanna.

An Deireadh Fómhair seo caite, d’fhógair USI go raibh sé chun béim a mhórshiúl bliantúil réamh-buiséid a athrú ón oideachas go dtí an ghéarchéim tithíochta. Chuir an cinneadh díomá mhór ar neart daoine, an Bord Eagarthóireachta seo ina measc. Má tá an t-aontas mac léinn náisúnta chun a mhaidí a ligean le sruth an mhaoiniú rialtais, an bhfuil seans ar bith go gcuirfear deireadh leis an ghéarchéim a leanann go fóill?

Tá an feachtas maidir le maoiniú ardoideachais tar éis bheith ar fuaidreamh le linn na bliana: in ainneoin iarrachtaí beaga ó Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU), agus seoladh an fheachtais Sábháil ár Splanc ó Chumann na n-Ollscoileanna Éireannacha, is bheag an fhobairt atá déanta ar fhadhb an mhaoinithe.

Tá cinneadh an rialtais chun dul i gcomhairle an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hiasachtaí mac léinn – a bhfuil mar fhianaise nach bhfuil an cath thart – ag spreagadh USI chun gnímh faoi dheireadh. Mí an Mhárta atá ann anois agus tá deireadh na bliana acadúla ag fáscadh orainn, le réimse iomlán nua oifigeach mac léinn ag teacht chun cumhachta trasna na tíre. Is dócha go moillfear luas an tionscnaimh arís.

Is fearr go mall ná go brách, ar ndóigh, ach seachas an ghníomhaíocht fhuarbhruite go dtí seo, is léir go bhfuil diongbháilteacht cheart – agus torthaí suntasacha – ag teastáil chun léiriú go bhfuil níos mó i gceist le Maoinigh an Todhchaí ná ceacht dheireadh na bliana do USI.