News
Apr 3, 2019

Bua na mBan le Coiste Úr an Chumainn Ghaelaigh

Is mná ar fad atá sa trí phost is sinsearaí sa chumann.

Eoin O'HareEagarthóir na Gaeilge
blank
Cumann Gaelach

Thogh an Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide a choiste úr aréir ag a chruinniú ginearálta bliantúil (CGB), le Blánaid Ní Chearnaigh tofa mar reachtaire agus seachtar ban ar fad tofa ar aon oifigeacht déag an choiste.

Sheas Ní Chearnaigh, a bhí mar rúnaí an chumainn i mbliana, gan freasúra ina toghchán. Toghadh Nuala Ní Dhomhnaill agus Aoife Ní Chiarán mar leas-reachtaire agus mar rúnaí faoi seach.

I ráiteas ríomhphoist chuig The University Times, dúirt Ní Chearnaigh: “Is mór an onóir dom a bheith tofa i mo reachtaire ar an gCumann Gaelach don bhliain seo, go háirithe ós rud é go bhfuil an-ionadaíocht ann do na mná i mbliana agus triúr ban ina gcoiste feidhmiúcháin den chéad uair le 10 mbliana anuas, agus fiú níos faide siar ná sin.”

ADVERTISEMENT

“Tá an Cumann ag dul ó neart go neart gach aon bhliain, trí theanga agus cultúr na tíre seo a fhorbairt i measc phobal Choláiste na Tríonóide agus pobal na nGael fud fad na tíre”, a dúirt sí. “Tá sé mar phríomhaidhm agamsa leanúint leis seo agus é de phribhléid agam an deis seo a fháil chun an sprioc seo a chomhlíonadh leis an gcoiste iontach a bheidh le mo thaobh don bhliain romhainn.”

Toghadh Ciara Ní Mhurchú mar chisteoir an chumainn, agus Ciara Finan mar oifigeach caidreamh poiblí. Beidh Ronan Friel mar oifigeach siamsaíochta agus ceoil, Robbie Murphy mar oifigeach urraíochta, agus Róisín Ní Fhallúin mar oifigeach teicneolaíochta. Toghadh David Kehoe mar oifigeach drámaíochta, Ben Ó Coimín mar oifigeach díospóireachta, agus Ríoghnach Hyland mar oifigeach foilseacháin.

I ráiteas ríomhphoist chuig The University Times, dúirt Caolán Mac Grianna, reachtaire reatha an Chumainn Ghaelaigh: “Tá mé thar a bheith sásta an coiste úr a fheiceáil tofa, is soiléir go bhfuil go leor taithí acu ar fad, is táim cinnte go mbeidh bliain láidir eile acu arís.”

“Gabhaim comhghairdeachas mór le Blánaid, tá fhios agam go ndéanfaidh sí obair mhaith don Chumann”, a dúirt sé.

Bunaithe i 1906, tá an Cumann Gaelach mar cheann de na cumainn mac léinn is mó ar Choláiste na Tríonóide. I mí Feabhra, bhuaigh an cumann an phríomhdhuais i gComórtas na gCumann Tríú Leibhéal ag Comórtas Ghlór na nGael, chomh maith le dara háit a bhaint amach sa Chomórtas Tríú Leibhéal ag Ghradaim Chonradh na Gaeilge ag Ard Fheis na heagraíochta.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.