Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 30, 2019

Caithfidh an Coláiste Foghlaim ó Phraiseach na Scrúduithe i mBliana

Is iomaí fadhb – idir riaracháin agus bainte le TEP – a raibh ar mhic léinn dul i ngleic leo i rith an tréimhse scrúdaithe.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

I ndiaidh tréimhse dian scrúduithe an Nollaig seo caite, is dócha go raibh mic léinn na Tríonóide ag súil le tréimhse scrúduithe níos eagraithe don seimeastar seo.

Ach aithneodh éinne go bhfuil an tréimhse scrúduithe seo tar éis mire a chur ar mhic léinn, agus iad ag streachailt le córas nua scrúdaithe agus le Coláiste nach bhfuil in ann é a reachtáil.

Tá sé intuigthe nár chóir go gcuirfeadh aon tréimhse scrúdaithe an méad seo brú ar mhic léinn.

Bhí pobal na Tríonóide ag súil le fadhbanna faoi leith a bhain le Tionscadal Oideachas na Tríonóide, mar shampla tréimhse staidéir níos giorra, agus tréimhse scrúdaithe níos gnóthaí. Ach bhí fadhbanna bunúsacha inseachanta i riarachán an Choláiste a chruthaigh tuilleadh ciaptha – easpa géar na bhfeitheoirí agus an praiseach a tharla leis an seomra cótaí éigeantach, le mic léinn ag fanacht beagnach 40 nóiméad chun a málaí a stóráil.

Is mór an díomá nach raibh Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) – a bunaíodh chun feabhas a chur ar shaol na mac léinn sa Choláiste – in ann na fadhbanna seo a mheas, agus le drogall orthu chun cabhair a thabhairt chun an fadhb a réitiú.

Níl éinne ag rá go bhfuil an locht ar TCDSU as ucht na teipe i riaracháin na Tríonóide nó i gcur i bhfeidhm Tionscadal Oideachais na Tríonóide – is cinnte go bhfuil an Coláiste freagrach as sin. Ní féidir a shéanadh, áfach, go raibh deis ag an aontas – atá an-mhórálach as an bhéim a chuireann siad ar fadhbanna na Tríonóide, rud atá íorónta – níos mó a dhéanamh chun an brú ar mhic léinn a laghdú. Is beag an t-iontas gur theip ar an gColáiste an tréimhse scrúduithe seo a chur i bhfeidhm, ach ba chosúil nach raibh TCDSU ullmhaithe dó.

Má chuirtear na fadhbanna seo uilig le chéile, is cinnte gur tréimhse scrúduithe dian a bhí ann do mhic léinn. Bíodh is go bhfuil an seans ann go mbeadh fadhbanna le córas nua, is léir go bhfuil an fhadhb níos measa ná “meancóg bheag”.

Dá mbeadh rath ar phleananna an Choláiste chun “measúnú níos cothroime thar an mbliain iomlán, seachas i dtréimhse amháin”, ní bheadh mic léinn ag labhairt faoin mbrú ollmhór mar atá siad faoi láthair.

Má tá Tionscadal Oideachas na Tríonóide chun a chuspóirí a bhaint amach – oideachas nua-aimseartha tairbheach a chur ar fáil – is gá don Choláiste éisteacht leis an míshástacht i measc na mac léinn agus réitigh a aimsiú.