Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 30, 2019

De Dheasca TEP, Tá an Coláiste i mBaol go gCaillfear a Shaol Cumainn ar Leith

Ní féidir cloigeann na Tríonóide a shá sa ghaineamh agus na mic léinn ag streachailt.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le fiontair chomh casta is atá Tionscadal Oideachais na Tríonóide, is mealltach in amanna a hiarmhairtí éagsúla leathana a cháineadh le bua an athradhairc.

I gcás an mheatha fheiceálaigh atá tagtha ar rannpháirtíocht na mac léinn leis na cumainn i mbliana, áfach, ní féidir a rá go raibh an impleacht seo gan rabhadh – bhí neart daoine den tuairim, iar-Léachtóir Sinsearach Patrick Geoghegan san áireamh, go mbeadh athchóiriú ar an bhliain acadúil dochrach do shaol seach-churaclaim na Tríonóide.

Tá saol na gcumann agus spóirt lárnach i bhféiniúlacht institiúideach na Tríonóide. Cé go bhfuil áitiú an Choláiste go bhfuil sé inchurtha mar ollscoil le leithéidí Oxford agus Cambridge ag éirí níos laige le blianta beaga anuas, ní haon áibhéil a rá nach bhfuil sárú shaol na gcumann i gColáiste na Tríonoide le fáil áit ar bith eile.

ADVERTISEMENT

Agus in ainneoin athrá ad nauseam faoi bhuntaistí Tionscadal Oideachais na Tríonóide, is follasach soiléir faoin am seo go bhfuil gnéithe de ag déanamh scriosta ar shaintréith suntasach an Choláiste.Tá giorrú na seimeastar agus méadú na n-ualach oibre ag cur isteach ar na coistí cumainn ag eagrú imeachtaí, chomh maith le bac ar thoil na mac léinn chun freastal orthu.

Is cinnte go bhfuil triail chothrom tuilte ar na hathruithe seo – agus ní féidir neamhaird a thabhairt ar éileamh na mac léinn ar athstruchtúrú na bliana acadúla sa chéad dul síos. Ach seachas leithscéal a thabhairt do chur i bhfeidhm leamh an togra, ba chóir go sonraítear anseo go bhfuil níos mó tuillte ag mic léinn ná mar atá déanta ag an Choláiste go dtí seo.

Is inmholta an smaoineamh go mbeadh clár oideachais éagsúlaithe ag Coláiste na Tríonóide nach ró-ualaíonn a chuid mac léinn le scrúduithe. Is beag mac léinn, áfach, atá tagtha amach ag rá gur lú an struis atá orthu de thairbhe Tionscadal Oideachais na Tríonóide i mbliana. Ina ionad sin, tá siad tréigthe leo féin chun cuid lárnach d’fhéiniúlacht na Tríonóide a chaomhnú, in aghaidh Choláiste atá, de réir cosúlachta, neamhbhuartha le hiarmhairtí a thogra féin.

Ní leor a thuilleadh a rá gur fadhbanna tosaigh atá anseo. Le struchtúr úr na seimeastar, tá Coláiste na Tríonóide i mbaol práinneach go gcaillfidh sé a ngnéithe eisceachtúla féin. Caithfidh an Coláiste stopadh de bheith ag sá a chloiginn sa ghaineamh agus dul i ngleic leis an fhadhb.