News
Apr 16, 2019

Feachtas Feasachta don Síneadh Fada Seolta ag Mic Léinn Mhá Nuad

Tagann an feachtas mar fhreagra ar chinneadh an Choimisinéir Cosanta Sonraí.

Malachi Ó MarcaighLeas-Eagarthóir na Gaeilge

Tá feachtas Our Fada seolta ag mic léinn in Ollscoil na hÉireann Má Nuad (NUIM) chun feasacht a dhíriú ar an síneadh fada in ainmeacha, tar éis chinnidh ón Choimisinéir Cosanta Sonraí (DPC) nach bhfuil “ceart daingean” ag duine chun síneadh fada ina ainm i gcáipéisíocht stáit.

I ráiteas ríomhphoist chuig The University Times, dúirt Dúlra Ní Áinle, urlabhraí Our Fada, gur bunaíodh an feachtas “ar mhaithe le feasacht ar an síneadh fada a ardú. Bhíomar ag iarraidh aird a dhíriú ar na deachtrachtaí a bhíonn ag éinne a bhfuil síneadh fada ar a (h)ainm/n-ainm, go háirithe maidir le cáipéisí oifighiúla, foirmeacha, agus úsáid seirbhísí stáit.”

“An príomhaidhm atá againn ná feasacht a dhíriú ar an bhfadhb agus brú a chur ar an Rialtas réiteach a fháil ar an bhfadhb”, a dúirt sí. “Ar deireadh thiar thall, táimid ag iarraidh go dtarraingeofaí aird ar thábhacht an tsínte fhada é féin. Déanann an síneadh fada an-chuid difríochta d’ainm an duine aonair. Is cuid de d’fhéiniúlacht é d’ainm, agus mura litrítear i gceart é, is ábhar mór míshástachta é sin.”

ADVERTISEMENT

“Mar sin, an rud atá uainn ná go mbainfidh daoine úsaid as an haischlíb ‘#OurFada’ ar na meáin agus go léireoidh siad a míshástacht leis an gCoimisinéir Teanga.”

Is iad Dúlra Ní Áinle, Laurie Doré, Ciarán Watts agus Clíodhna Ní Dhufaigh (Leas-Uachtarán don Ghaeilge Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) 2019/20) na mic léinn taobh thiar den fheachtas. Tá dlúthbhaint ag an gceathrar le saol na Gaeilge ar an champas trí Chuallacht Cholmcille, Cumann Gaelach NUIM.

Bhí gearán déanta ag Ciarán Ó Coifigh, othar in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh, chuig an DPC nuair nach raibh oibrí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) in ann a ainm a litriú mar is ceart.

Bhí fadhbanna cosúla i gColáiste na Tríonóide ag tús na bliana nuair a léiríodh nach raibh an córas LeapCard in ann an síneadh fada a chur ar ainmneacha.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.