Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 15, 2019

Go Raibh Maith Agaibh

Agus iad ag vótáil chun The University Times a shábháilt, léirigh mic léinn na Tríonóide cuibhiúlacht agus cumas chun smaointí contrártha a mheá.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Díreach i ndiaidh 7pm Déardaoin, an 11 Aibreán, bhí an nuachtán seo in ann nochtú dá leitheoirí gur theip ar reifreann a bhí in ainm deireadh a chur lena thodhchaí – agus go raibh an bua ag dea-bhreithiúnas agus ciall sa deireadh.

Cúis áthais agus faoisimh a bhí inti do gach duine a bhí páirteach san fheachtas chun The University Times a shábháilt. Ábhar cheiliúrtha a bhí acu i ndiaidh chúpla seachtain anróiteach a tharraing allas agus deora as cuid mhaith mhac léinn.

Ach ar a bharr sin, dheimhnigh sé bua na cothroime agus na macántachta thar a malairt. Agus iad ag vótáil chun The University Times a shábháilt, léirigh mic léinn na Tríonóide cuibhiúlacht, stuamacht, agus cumas chun smaointí contrártha a mheá.

ADVERTISEMENT

Ba mhaith leis an mBord Eagarthóireachta seo, mar sin de, buíochas macánta neamhchoinníollach a ghabháil lenár leitheoirí.

Bhí beatha féin an nuachtáin idir dhá cheann na meá sa reifreann seo, agus tháinig na mílte agaibh amach chun bua ollmhór a thabhairt do na bunphrionsabail is fearr ar a bhfuil an ollscoil seo tóghta. D’aithin sibh an fiúntas atá le caomhnú nuachtán ollscoile a dhéanann iarracht ionraic chun glór a thabhairt do na mílte daoine, chun freastal ar dhíospóireacht réasúnta beag beann ar a hiarmháirtí, agus chun tuairisciú oscailte ionraic a dheimhniú.

Chaomhnaigh sibh dearcadh agus smaointeoireacht caolchúiseach i rith an ama, tréithe a lig daoibh an buntaiste iomlán atá le beatha The University Times do mhic léinn a aithint – fiú mura n-aontaíonn sibh le gach uile cinneadh eagarthóireachta.

Rinne sibh tomhas ceart ar chur i gcéill agus ar na scéaltaí bréagacha a bhí scaipthe ag daoine a raibh sé de sprioc deiridh acu deireadh a chur le nuachtán mac léinn.

Chaith an formhór agaibh go measúil béasach lenár feachtasóirí le linn an ama, ag coinneáilt bhur ndínite agus Shane De Rís, Uachtarán Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide, ag iarraidh an pobal a ghríosú chun nuachtán atá ina chrá croí dó fein a chaitheamh thar bord.

D’fhán an formhór agaibh socair stuama, do bhur n-iompar féin le cothroime agus ionracas, cé gur theip ar ár nuachtán iomaíoch, Trinity News, amhlaidh a dhéanamh.

(Cé gur mhaígh sé nár éiligh sé druidim The University Times, chuir Trinity News ár dtuairisciú i gcomparáid le scannal fón-haiceála de chuid an News of the World, agus shonraigh sé dúnadh an nuachtáin sin a tháinig dá dheasca – ag spreagadh feirge a mhair ar feadh seachtainí.)

Agus mheáigh an formhór agaibh an maith in éadan an oilc, ag roghnú sa deireadh chun tacú le The University Times seachas seasamh le fórsaí sa Choláiste a bhí ag iarraidh an nuachtán seo a dhúnadh.

Ní haon áibhéil a rá go bhfuil muid thar a bheith buíoch as seo.

Ba chosúil in amanna le cúpla seachtain nach bhfaca mic léinn fiúntas ár mbeatha. Bhí muid buartha dár dtodhchaí, agus bhí muid buartha do chinniúint an tsaoirse cainte, leis an domhan ag éirí níos meargánta agus níos frithghníomhaí.

Ach le vóta chomh deimhneach chun The University Times a shábháilt, tá na tréithe imníocha sin diúltaithe ag mic léinn na Tríonóide. Thaispeán siad go mbíonn an bua ag dea-smaointí thar dhroch-chinn. Agus vótáil siad ar son nuachtáin a rachaidh anois ar ais chuig a shaothar – glór a thabhairt do mhic léinn – le brí, fuinneamh agus tiomántas athnuaite.

Go raibh maith agaibh.