Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 20, 2019

Beidh Seachtain Staidéir sa Bhreis ag Mic Léinn. Caithfidh Ranna Coláiste Measúnacht a Athchóiriú Anois

Tá barraíocht ranna na Tríonóide ar na seandóigheanna le measúnacht na mac léinn.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Spreagfaidh scéal na seachtaine seo go bhfuil seachtain staidéir sa bhreis cruthaithe ag an Choláiste roimh scrúduithe samhraidh na bliana seo chugainn idir áthas agus frustrachas.

Thaispeáin mic léinn na bliana deireanaí go háirithe a mothúcháin ar na meáin shóisialta, ag rá an rud is léir: fiú más comhartha é go bhfuil an Coláiste ag éisteacht go pointe le mic léinn, ní dhéanfaidh sé mórán maithis dóibh.

Cúis mhaith a bhí leis an racht míshásaimh ó dhream a bhí, dar leo féin, mar mhuca guine do Thionscadal Oideachais na Tríonóide agus iad sa bhliain is tábhachtaí dá saolta fochéime.

ADVERTISEMENT

Ach bhí feillbheart na seachtaine seo – an chuid is déanaí de chion bliana le hathruithe struchtúir agus ualach oibre méadaithe – comharthach ar dhioscúrsa atá ag tabhairt neamhairde ar fhíorchúis mí-eagair agus deacrachta sa Choláiste: ranna agus scoileanna.

Rinne an Leas-Phropast Chris Morash iarracht ag gach cor an fhreagracht a bhrú ar ranna chun a gcuraclaim agus a múnlaí measúnaithe a athrú de réir an struchtúr úir bliana – le beagán ratha.

Cé go gcaithfidh an Coláiste bheith freagrach as bliain a chuir strus ollmhór ar bharraíocht mhac léinn, tá ceart de chineál éigin ag Morash. Is cosúil go bhfuil barraíocht ranna na Tríonóide ar na seandóigheanna, agus drogallach chun glacadh leis an smaoineamh go bhfuil seans go gcuirfeadh athruithe dá gcuraclaim feabhas ar oideachas a gcuid mhic léinn.

Fiú agus an Coláiste ag athchóiriú a struchtúr bliana agus ag cur tús le leasú ó bhonn a chóras amchláir, tá neart scoileanna ag cloí le modhanna measúnachta nach n-oibríonn ach faoin seanstruchtúr. Rinne cuid acu neamhaird iomlán ar scrúduithe Nollag, cinneadh a thaispeánann an sotal céanna is atá ag an Tríonóid de réir mic léinn.

Ag deireadh na dála, tá príomhoifigigh na Tríonóide freagrach as lochtanna agus laigí Thionscadal Oideachais na Tríonóide. Ach i gcuid mhaith cásanna, is í an chúis leo ná ranna nach bhfuil fiú ag déanamh na mbearta is bunúsaí chun dul i dtaithí ar an tionscadal.

Roimh dhara bliana an tionscadail, ní mór do cheannairí roinne slacht a chur orthu féin agus struchtúir measúnachta tomhaiste a chur i bhfeidhm, ionas go bhfaighfidh mic léinn tairbhe an chineáil úir oideachais fochéime.