Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 7, 2019

Le Searmanas Oiriúnach, Dhearbhaigh an Tríonóid Tábhacht an Daonchairdis dá Thodhchaí

Is cinnte go raibh ócáid Dhéardaoin mar chor cinniúnach i dtéarma an Phropaist Patrick Prendergast

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le beagnach deich mbliain anuas, tá ag éirí le hinstitiúidí tríú leibhéal na tíre, ar dhóigh éigin, laghdú ollmhór i maoiniú rialtais a láimhseáil.

Tá ag éirí níos fearr le cuid acu ná le cinn eile. Tá béim – cháinte go forleathan – na Tríonóide ar thráchtálú agus ar bhearta costchiorraithe, chomh maith le méadú i líon na mac léinn idirnáisiúnta, ag cuidiú leis an Choláiste chun bochtannas glan a sheacháint go dtí seo.

Chabhraigh béim mhéadaithe ar dhaonchairdeas le cúrsaí freisin. Le seacht mbliana anuas, tá breis agus €270 milliún ardaithe ag an Tríonóid. Agus toisc, go pointe áirithe, go mbeadh creill trumpaí mí-oiriúnach le cúlra an chúlú eacnamaíochta, rinneadh é seo ar fad gan ghleadhradh.

ADVERTISEMENT

Ach Déardaoin, ag searmanas sómasach sa Halla Scrúdaithe, sheol an Coláiste céim “phoiblí” a fheachtas thiomsú airgid €400 milliún “Spreagadh na nGlúnta”. Mar chuid den fheachtas, tá sé de rún aige €130 milliún breise a ardú d’ionad ailse úr in Ospidéal Naomh Séamas, don Institiúid E3, d’fhoirgneamh úr Scoil Dlí agus don Seanleabharlann agus a gcuid bailiúcháin.

Bhí an imeacht, mar sin, mar chineál léiriú intinne ag an Tríonóid. Gan fiú trácht amháin ar an ghéarchéim maoinithe tríú leibhéal – tá ardú airgid mar seo in ainm a bheith réamhghníomhach, seachas mar fhreagra ar chruatan – thug an Coláiste le fios gur ollmhór an tábhacht a bheidh le hiarrachtaí daonchairdis dá thodhchaí féin.

Rinneadh é seo leis an oiread cuí gáifeachta. Is cinnte go mbeidh é an ócáid – lán d’óráidí tochtmhara, físeáin proifisiúnta agus béim ar stair an Choláiste – mar chor cinniúnach i dtéarma an Phropaist Patrick Prendergast. Mar a dúirt sé féin, tá an feachtas “ag teacht le scála pleananna na Tríonóide don todhchaí”.

Do chuid is mó dá thréimhse, tá an Propast gafa le “ollscoil tábhachtach ar scála domhanda” a dhéanamh de Choláiste na Tríonóide. Cabhróidh an feachtas seo, i bhfad níos mó ná mar a rinne a dhúspéis sa rangú, chun an sprioc sin a bhaint amach.

Ócáid thábhachtach a bhí inti freisin d’ardoideachas na hÉireann go ginearálta. Trasna an Atlantaigh, tá cultúr an daonchairdis i réim, le ollscoileanna móra ar nós Harvard báite sna tabhartais ó bhronntóirí saibhre. Tá sé in am d’ollscoileanna na hÉireann – atá ag leadradh os cionn a meacháin le fada – a sampla a leanúint.