Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 27, 2019

Ní Leo Varadkar atá le Moladh as Scoil Ghnó Úr na Tríonóide

Agus í ar an ngannchuid, d’éirigh leis an Tríonóid na milliúin a thiomsú don fhoirgneamh nua.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo, ghearr an Propast Patrick Prendergast, Déin Scoil Ghnó na Tríonóide Andrew Burke agus Taoiseach Leo Varadkar an ribín ar an fhoirgneamh nua do Scoil Ghnó na Tríonóide ar an taobh thoir den champas.

Lonnaithe gar do na Duga Sileacóin, mar a thugtar orthu, is am iontach é don scoil ghnó, nach bhfuil ach creidiúnú amháin fágtha aici go dtí go sainítear í mar cheann de na príomhscoileanna gnó ar fud an domhain.

Agus iad ag seasamh os comhair an fhoirgnimh, caithfidh go raibh fonn ar Prendergast agus Burke cuairt ghaisce a dhéanamh timpeall an champais. Is mór an fhorbairt atá tar éis teacht ar an tionscadal ó dheireadh 2013, nuair a fógraíodh na pleananna don fhoirgneamh den chéad uair.

In ainneoin na gcéimeanna siar agus an €82.5 milliúin a caitheadh uirthi, is léir gur fiú an táirge deiridh – lena himill suntasacha, dearadh éiceabhách agus spásanna oscailte gloiniúil.

Tá moladh tuillte ag an gColáiste. Fiú agus í an ngannchuid, d’éirigh leis an Tríonóid na milliúin a thiomsú, le cuid de ag teacht ó ghníomhaíochtaí daonchairdiúla.

Bhí bród agus dóchas le braistint in óráidí Prendergast agus Burke ag an seoladh, rud annamh i measc an éadóchais san earnáil tríú-leibhéal. Cruthúnas atá sa scoil ghnó nua gur fhoghlaim an Tríonóid bheith níos neamhspleáí, ceacht eisceachtúil a múineadh don Choláiste ón ngéarchéim maoinithe d’ardoideachas.

Sa chomhthéacs sin, tháinig óráid Varadkar aniar aduaidh ar an lucht féachana. Ag déanamh cur síos ar daonchairdeas mar “chineál tírghrá”, dúirt sé gur léiriú í an scoil nua do “athbheochan in ollscoileanna na hÉireann”.

Trí bliana ó shin, foilsíodh tuairisc Cassells, agus is ábhar iontais é nár cháin éinne an Taoiseach i ndiaidh na hóráide chun a rá leis go mbeadh léiriú tírghrá i bhfad níos suntasaí ann dá stopfadh a rialtas ag gur leis an ngéarchéim maoinithe d’ardoideachas.

Is mar thoradh ar an easpa cabhrach ón rialtas a raibh ar an Tríonóid bheith ag braith ar gníomhaíochtaí daonchairdiúla seachas infheistíocht, agus ní ábhar ceiliúrtha é sin. Más léiriú í an scoil gnó d’athbheochan na n-ollscoileanna Éireannacha, ní féidir leis an rialtas creidiúint a ghlacadh di.