Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 27, 2019

Tá Moladh Mór Tuillte ar na hAontais Mac Léinn as an Chaidhp Cíosa

Tá sásamh tuillte orthu siúd atá bainteach leis an troid ar son lóistín mac léinn feabhsaithe.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le blianta anuas, tá mic léinn ag léamh ceannlínte scanrúla maidir leis an deacracht le lóistín inacmhainne a aimsiú. Le scéaltaí faoi shíorbhogadh ó theach go teach agus tithíocht uafásach – agus fiú mic léinn gan dídean – is cosúil nach bhfuil cúrsaí ach ag dul in olcas.

Ach an tseachtain seo, chuir leasúchán ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe uasteorainn ar arduithe cíosa i lóistín mac léinn, le bua cinniúnach do mhic léinn ar fud na tíre.

Leis na haontais chun tosaigh, tá mic léinn ag slógadh go glórmhar agus go héifeachtach le blianta beaga anuas in éadan arduithe ar phraghas a lóistín, agus is mór an moladh atá tuillte acu dá bharr.

ADVERTISEMENT

I mí Márta 2018, chuir Aontas na Mac Léinn in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCUSU) an cheist i lár an aonaigh náisiúnta lena agóidí Slógadh Seanabhann, inar cheistigh an t-aontas go géar arduithe praghais in ionaid phríobháideacha lóistín mac léinn.

Thart faoi dhá mhí ina dhiaidh seo, bhí Comhaltas na Mac Léinn OÉ Gaillimh (NUIGSU) chun tosaigh ag cáineadh an chomhlacht lóistín príobháideach mac léinn Cúirt na Coiribe as méadú €1,000 a chur i bhfeidhm. Ina seasamh le hagóidí DCUSU, chuir Slógadh na Cúirte lóistín mac léinn sna ceannlínte arís.

Agus, bíodh sé lena leas nó lena aimhleas, tá tithíocht mar an chloch is mó ar phaidrín Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) i mbliana. D’admhaigh fiú na feidhmeannaigh is sinsearaí de chuid USI go bhféadfadh sé cothromaíocht níos fearr a fháil idir lóistín agus ardoideachas i mbliana, ach ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, chinntigh ballaontais agus USI nach bhféadfadh an rialtas neamhaird a thabhairt ar cheist na tithíochta.

D’áitigh an Bord Eagarthóireachta seo roimhe go dtugtar seans labhartha os comhair an Oireachtais – a fuair USI mí na Samhna seo caite nuair a d’éiligh sé srianta cíosa ar lóistín mac léinn – nuair a mhothaíonn an rialtas gur gá dó éisteacht.

De réir na loighce sin, agus le bua na mac léinn le linn na seachtaine, tá sásamh de chineál éigin tuillte orthu siúd atá bainteach leis an troid ar son lóistín mac léinn feabhsaithe.

Agus cé nach bhfuil an ghéarchéim lóistín mac léinn ar chor ar bith réitithe – ní leigheas í uasteorainn ar arduithe cíosa má tá cíosanna ard cheana féin – tá ceachtanna le foghlaim ó ghníomhaíocht tithíochta. Caithfear anois iad a úsáid chun dul i ngleic leis an ualach fadhbanna atá os comhair mhic léinn.