Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 30, 2019

Ba Chóir go mBeidh Uachtarán Ollscoile Baineann mar Thosaíocht Rialtais – Seachas ‘Seans’

Má tá comhionannas inscne príomhbhéim Mary Mitchell O'Connor, beidh cuspóirí níos uaillmhianaí ag teastáil uaithi.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le dhá bliain óna ainmníodh Mary Mitchell O’Connor mar ár gcéad Aire d’Ardoideachais, ní féidir a shéanadh go bhfuil comhionannas inscne an chloch is mó ar a paidrín.

Ón Tascfhórsa ar son Chomhionannas Inscne, go dtí 45 phost nua a chruthú san ardoideachas d’inscne faoi leith, tá diongbháilteacht faoi leith léirithe ag Mitchell O’Connor ina troid ar son na mban i saol na hacadúlachta, agus tá ré nua de chomhionannas inscne san ardoideachas á cinntiú aici.

Is cinnte gur cuspóir inmholta é seo, agus is cuspóir intuigthe é chomh maith.

ADVERTISEMENT

I rith ré le hiliomad fadhbanna maidir leis an ardoideachas – le drogall an rialtais chun cuspa maoinithe a chruthú mar chroílár na faidhbe – is féidir a rá go bhfuil iarracht agus am infheistithe ag an rialtas ar son chomhionannas inscne.

Bhí sé as cor ar fad ansin chun píosa Mitchell O’Connor a léamh san Independent an tseachtain seo agus í ag scríobh go raibh sí ag súil le “seans” go mbeadh bean tofa mar uachtarán ollscoile “i rith mo shaoil”.

Má tá sé de rún ag Mitchell O’Connor ionadaíocht na mban san earnáil ardoideachais a bheith mar an chuid is tábhachtaí dá sealbhaíocht oifige, ba chóir go mbeidh sé mar phríomhchuspóir an rialtais chun bean amháin ar a laghad a thoghadh mar uachtarán ar ollscoil Éireannach, seachas aidhm éiginnte.

I gColáiste na Tríonóide tá sé thar a bheith insamhlaithe go mbeidh comharba baineann ag an bPropast Patrick Prendergast nuair a thagann a théarma chun críche sa bhliain 2021. Tá cuspóirí Mitchell O’Connor i bhfad níos umhaile ná sin, áfach – agus iad mar chuid den ardoideachas ina bhfuil éifeacht an rialtais le braistint.

Is fíor ar fad gur iomaí an “bua” a bhí ag an rialtas maidir le comhionannas inscne i rith sealbhaíocht oifige Mitchell O’Connor. Ach le tráchtanna mar seo, táthar amhrasach faoi ché chomh dairíre is atá sí maidir leis an bhfadhb seo.

Má tá Mitchell O’Connor chun an méid sin béime a leagan ar chomhionannas inscne – cé nach bhfuil an rialtas ag éisteacht le héilimh maoinithe na n-ollscoileanna – is gá di níos mó a dhéanamh seachas tráchtanna doiléire maidir le haidhmeanna fadtéarmacha éiginnte a scríobh.