Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 30, 2019

Bíodh Bua ag Mic Léinn UCC i gCoinne an Ardaithe i dTáillí – nó Beidh Mic Léinn na Tíre ag Fulaingt

Má éiríonn leis an táille ceannsraithe atá beartaithe i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, cruthóidh sé sampla dainséarach in ollscoileanna trasna na tíre.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is beag an t-iontas gur chaith na meáin náisiúnta cuid shuntasach ag clúdú na mac léinn i gColáiste na hOllscoile, Chorcaigh (UCC) agus iad ag agóidíocht i gcoinne ardaithe 120 faoin gcéad beartaithe dá dtáille ceannsraithe.

Leis an bplean i bhfeidhm, gearrfar táille €370 ar mhic léinn in aghaidh na bliana ó 2023, is léir go mbeidh impleachtaí ag an bplean ar mhic léinn ar fud na tíre.

Cuirfidh an t-ardú géar – nach mbeidh clúdaithe faoin ndeontas SUSI – brú ollmhór ar mhic léinn UCC, ach tá seans ann go dtabharfadh sé an deis do choláistí eile a ndeacrachtaí airgeadais a bhrú ar mhic léinn.

ADVERTISEMENT

Ar an drochuair, roghnaigh riarachán UCC chun an táille a thabhairt isteach i rith an tsamhraidh. Ní nach ionadh gur tógadh insteach an táille ag am nuair a bhíonn mic léinn gnóthach.

Chomh maith leis sin, d’aistrigh na hoifigigh shabóideacha d’Aontas na Mac Léinn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (UCCSU) dá gcomharba i rith na tubaiste, ag cur leis an easpa eagrúcháin ag pointe práinneach.

Tá sé intuigthe ansin, nach raibh an meon ceannairceach céanna ó na hagóidí Tóg an Tríonóid ar Ais i gCorcaigh an tseachtain seo. In ionad sin, sheas 14 mac léinn lasmuigh d’oifig uachtarán UCC an tseachtain seo caite, ag éileamh cruinniú agus ag lorg deireadh leis an ardú sa táille nó seans do na mic léinn vóta a chaitheamh faoin táille ar a laghad.

Ar ndóigh, níor ghéill an coláiste d’éilimh UCCSU. Ní raibh an chumacht ag a agóid, a mhair lá amháin agus gan stráitéis faoi leith, chun brú a chur ar UCC cúlú amscaí a dhéanamh.

Ní féidir moill ar bith bheith ag baint leis seo: is féidir stráitéis cheart teacht níos déanaí. Níl na cuinsí ann d’agóidíocht cosúil le Tóg an Tríonóid ar Ais i gCorcaigh agus tá sé fíorthábhachtach go n-aithníonn UCCSU cé chomh dáiríre is atá an t-ardú seo i dtáillí agus troid ina choinne go fíochmhar agus go tiomanta. Tá gnímh díreach ag teastáil go práinneach agus caithfear smaoineamh a dhéanamh ar na bealaí gur féidir brú a chur ar UCC ionas go n-éisteoidh siad lena mhic léinn.

Gan amhras ar bith, má éiríonn leis an méadú i dtáillí seo – gan cur in éadan láidir agus gan staonadh – léireoidh sé géilleadh ó thaobh na mac léinn de sa chath a chineann cé a íocfaidh an bille don ardoideachas.