Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 10, 2019

In Ainneoin na nDeacrachtaí, Tá a Chlú Idirnáisiúnta mar Ollscoil Thaighde Caomhnaithe ag an Choláiste

Shonraigh straitéis taighde nua-sheolta na Tríonóide a rath mar aon leis na constaicí atá roimh acadóirí.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le cúpla bliain anuas, is éasca ceap magaidh a dhéanamh as teideal féincheaptha na Tríonóide mar “ollscoil den chéad scoth”.

Lena thitim síos sa rangú domhanda, acmhainní atá faoi bhun caighdeán in amanna agus maorlathas scaipthe nach bhfuil thar mholadh beirte, mothaíonn mic léinn corruair go bhfuil caimiléireacht déanta ag an Choláiste orthu lena geallúintí uaillmhianacha.

Ach cuireadh ceann de bhunchuspóirí na Tríonóide i gcuimhne dóibh siúd a d’fhreastal ar sheoladh an chéad Straitéis Fheabhas Taighde riamh Déardaoin: a thaighde.

ADVERTISEMENT

Cé go mbíonn a lucht cáinte ag cásamh béim an Choláiste ar fhiontair thráchtála, d’aimsigh an Propast Patrick Prendergast guth macánta nuair a dúirt sé: “Mar a scaipeann an croí fuil ar fud an choirp do na horgáin, tá muid ag nascadh taighde go díreach le tosaíochtaí na hollscoile seo.”

Ní féidir leis na hollscoileanna Éireannacha eile an Tríonóid a shárú ó thaobh deontais taighde a fháil. Déantar fionnachtain taighde ar bhonn laethúil taobh istigh de bhallaí an champais. Agus iarrtar go rialta ar acadóirí na Tríonóide mar shaineolaithe ina réimse féin chun trácht a dhéanamh ar chúrsaí tráthúla.

Is maith an scéal anois go bhfuil an Coláiste ag glacadh lena cultúr saibhir taighde agus ag déanamh iarrachta úire chun é seo a chur i bhfeidhm ina oideachas fochéime féin, le cúrsaí roghnacha na Tríonóide le seoladh i mí Mheán Fómhair.

Ní hé sin le rá nach bhfuil dúshláin roimh thaighdeoirí na Tríonóide. I dtéacs na straitéise go fiú, tá an Coláiste oscailte faoina laigí féin maidir le taighde – na constaicí atá roimh acadóirí ina gcuid oibre. Is minic a úsáidíonn cáipéisí mar seo bladhmann dearfach in ionad dul i ngleic leis na ceisteanna deacra seo – is maith, mar sin, go bhfuil an straitéis seo ag éileamh ar réitigh don ualach oibre riaracháin a bhíonn ag dó na geirbe ag acadóirí, agus ag sonrú an ghéarghá atá le feabhas a chur ar na coinníolacha oibre atá ag taighdeoirí ag tús a ngairmré.

Agus ar ndóigh, tá fadhbanna le maoiniú ollscoile, agus tá tionchar uafásach aige seo ar thaighde – go háirithe ar thaighde bunúsach.

Cé gur beag seans a bhí roimhe i saol éigeanntach an lae inniu, tá a chlú domhanda mar ollscoil thaighde den scoth caomhnaithe ag Coláiste na Tríonóide. Agus an Coláiste ag machnamh ar an rath seo, tá gealltanas de dhíth nach ndéanfaidh sé fáillí arís don chuid riachtanach seo dá fhéiniúlacht.