Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 4, 2019

Níor Chóir don Rialtas Díriú ar Bhuanna Tapa Agus an Earnáil Ardoideachais ag Fulaingt

Léiríonn fás na bprintíseachtaí go bhfuil borradh faoin spéis sa bhreisoideachas, ach caithfidh an rialtas tosaíocht a thabhairt do bhunmhaoiniú.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le líon na ndaoine ag dul i mbun printíseachtaí méadaithe faoi dhó ó bhí 2015 ann, is cosúil go dtuigtear ar fud na tíre faoi dheireadh nach iad céimeanna ollscoile tús agus deireadh an ardoideachais.

Ó bhí 2017 ann, tá breis agus €20 milliún caite ag an rialtas ar nuachóiriú na gcláracha printíseachta in Éirinn. Cuirfidh an tráthchuid maoinithe is déanaí, fógartha an tseachtain seo, feabhas mór ar na cláracha seo, ag tacú le cúraclaim úra agus le rochtain ar theicneolaíochtaí ceannródaíocha do phrintísigh óga na hÉireann.

Léiríonn fás na bprintíseachtaí in Éirinn borradh, faoi dheireadh, faoin spéis atá i mbealaí oideachais níos praiticiúla. Agus níos mó daoine ná riamh cláraithe in ardoideachas anuraidh, tá sé in am urraim a thabhairt do roghanna nach céimeanna acadúla iad.

ADVERTISEMENT

Is iomaí buntáiste atá le printíseachtaí. Ní amháin go leathnaíonn siad an stór roghanna oideachais atá ar fáil do dhaoine óga: tugann a n-éileamh athnuaite le fios go bhfuil léirthuiscint agus meas úr againn do mhodhanna éagsúla oideachais.

Is cinnte go n-amharcfaidh an rialtas reatha ar mhealladh níos mó fágálaithe scoile i dtreo bealaigh úra oideachais mar bhua. Go deimhin, ní hamháin go bhfuil printíseachtaí mar chúnamh d’éigsúlacht san oideachas: is féidir leo freisin bearnaí sa mhargadh fostaíochta a líonadh agus cur le figiúirí fostaíochta.

Ní gá a rá, áfach, nár chóir do thuilleadh infheistíochta sna printísteachtaí cur isteach ar chineálacha eile oideachais. Agus é ag déanamh neamairt in earnáil an ardoideachais go ginearálta, tá beartas an rialtais ag tabhairt tús áite d’infheistíocht bheag gearrthéarmach in ionad cúram a thabhairt d’institiúidí breoite ardoideachais na hÉireann.

Tá fadhbanna bunúsacha le maoiniú fós ann. Is é an infheistiú seo sna printíseachtaí mar an chéad aird atá faighte ag an earnáil le míonna anuas, ó rialtas drogallach atá ag díriú a fhuinnimh theoranta ar bhuanna beaga. Léiríonn an beart seo arís go bhfuil na hairí oideachais reatha neamhbhuartha faoi dhul i ngleic leis na fadhbanna níos doimhne nach meallann poiblíocht mhaith atá ag crá an ardoideachais fós.

Le hathbheochan na bprintíseachtaí, tá meabhrú tábhachtach dúinn ar fad go bhfuil an luach céanna tuilte ar gach cineál oideachais – ba chóir don rialtas é seo a chuimhniú.