Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 29, 2019

Eascraíonn Ceisteanna ó Ollscoil Teic na Mumhan. Is Doiligh Freagraí a Aimsiú

Is iomaí fadhb atá le réiteach má tá an dara ollscoil le bunú i gCúige Mumhan.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

B’fhéidir go raibh imní ar roinnt daoine san earnáil ardoideachais nuair a chuir an tAire Oideachais Joe McHugh an córas bunaithe don dara ollscoil teicneolaíochta sa tír seo ar athló go dtí an bhliain 2020.

Ba bheag an t-iontas do dhaoine eile í an nuacht nach bhfuil IT Chorcaí agus IT Trá Lí réidh le nascadh – in ainneoin na bpleananna beartaithe i mbliana.

Nuair a sheol an tAire Ardoideachais Mary Mitchell O’Connor an tAcht um Ollscoileanna Teicneolaíochta, bhí tuiscint ann nach proiséas simplí a bheadh ann, go háirithe le na ceisteanna práinneacha maidir le riaracháin agus airgeadas a ghintear nuair a dhéantar iarracht institiúidí a nascadh le chéile.

ADVERTISEMENT

(Bhí constaicí suntasacha le sárú sular bunaíodh an chéad ollscoil teicneolaíochta sa tír seo, le nasc idir IT Bhaile Átha Cliath, IT Bhaile Bláinséir, agus IT Tamhlachta, i mí Éanáir 2019.)

In ainneoin go raibh torthaí duairce le feiceáil sa tuairisc neamhspleách maidir leis an gcumasc, is fiú cuimhneamh gur léirigh an painéal idirnáisiúnta go ndearna chuile dream tréaniarracht Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan a bhunú.

Ar an drochuair, ní leor tréaniarrachtaí, go háirithe nuair a thógtar cúrsaí airgid – mar shampla, an fiachas €10 milliún atá ag IT Trá Lí – san áireamh

Agus ábhar imní á phlé acu, thagair an painéal d’easpa físe idir an dá institiúid faoina struchtúir riaracháin féin, chomh maith le teannas idir lucht sinsir bainistíochta agus na hacadaimh.

Go bunúsach, is iomaí fadhb atá le réitiú má tá an dara ollscoil teicneolaíochta le bunú i Mumhain. Agus, má tá an ceart ag na saineolaí ón bpainéal idirnáisiúnta, níl fhios ag IT Trá Lí nó IT Chorcaí conas na fadhbanna seo a réiteach.

Ach má tá cuid den freagracht le bronnadh ar an dá institiúid as ucht na faidhbe, tá locht faoi leith ar an rialtas gan na teagmhais chuí a chur i bhfeidhm a bheadh in ann deileáil le na fadhbanna a d’eascair as a reachtaíocht.

Má tá an rialtas seo chun leanúint leis ag nascadh institiúidí teicneolaíochta, beidh ar McHugh agus Mitchell O’Connor cinntiú nach méadaíonn na deacrachtaí beaga seo isteach a fadhbhanna a chuirfeadh an tionscnamh iomlán i mbaol.