Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 7, 2019

Eascraíonn Ceisteanna Práinneacha ó ‘Bronntanas’ Al Maktoum

D'eascair an fiontar nua seo comhrá faoin méid a dhéanfadh Coláiste na Tríonóide chun maoiniú a sholáthar.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ní ba luaithe an tseachtain seo, scríobhadh ceannlínte trasna na tíre nuair a d’fhógair an Coláiste “bronntanas flaithiúil” de luach nár nochtadh ón Al Maktoum Foundation – carthanacht a bhunaigh leas-cheannaire Dubai – chun Lárionad do Léann an Mhéanoirthir a thógáil.

Ní nach ionadh go raibh suim ag na nuachtáin sa scéal. Díritear aird ar chlann cheannasach Dubai go rialta, agus is minic a bhíonn cúiseanna míchompardacha ann don aird chéanna. Bíodh is go gcuirfeadh an lárionad go mór le héagsúlacht chultúrtha na Tríonóide, ní léir má tá sé cóir don Choláiste airgead a ghlacadh ó na pátrúin áirithe seo.

Tá drochcháil agus conspóid tarraingthe ar cheannairí Dubai le déanaí, agus an chlann cúisithe le sárú a dhéanamh ar chearta an duine. D’fhulaing cáil na Seansaléara Mary Robinson an bhliain seo caite nuair a rinne sí beag is fiú de na cúisimh seo. Is léir, ansin, cén fáth a mbeadh daoine imníoch faoi chinneadh Choláiste na Tríonóide chun glacadh le bronntanas flaithiúil ó chatharnacht bainteach leis an gclann seo.

ADVERTISEMENT

Níos tabhachtaí fós, eascraíonn an fiontar seo ceist phráinneach faoin méid a dhéanfadh an Coláiste chun maoiniú – a bhfuil géarghá leis – a sholáthar.

Le heaspa maoinithe ón rialtas, tá sé intuigthe go gcuardódh an Tríonóid i bhfad agus i ngearr ar lorg mhaoiniú, ach tá sé deacar glacadh le caidrimh na Tríonóide le páirtithe eile a bhfuil luachanna as alt acu le luachanna an Choláiste. Aithníodh é seo an bhliain seo caite nuair a rinne mic léinn feachtasaíocht chun deireadh a chur leis an nasc atá ag an gColáiste le hAramark – eagraíocht le nascanna amhrasacha do sholáthar díreach.

Ní hé Aramark an t-aon chás ar ndóigh. Le blianta anuas, tá margaidh déanta ag an Tríonóid le liosta fada de chorparáidí ilnáisiúnta amhrasacha. Idir an dá linn, mhúscail Propast Patrick Prendergast fearg nuair a mhol sé na nascanna idir an Tríonóid agus institiúidí Iosraelacha – i gcodarsnacht ollmhór le dearcadh coiteann na mac léinn agus le húdarás Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide chun baghcat a dhéanamh ar Iosrael.

Ní féidir a bheith réchúiseach faoi na margaidh seo, go háirithe sa lá inniu agus an ról mór atá ag institiúidí chun athruithe soisialta a chur i bhfeidhm, seachas iarrachtaí aonair. Géarchéim maoinithe nó gan é, tá an Tríonóid in ann cinneadh a dhéanamh faoina phairtnéirí féin. Má tá an Coláiste ag iarraidh gnó freagrach a dhéanamh, beidh orthu cruthú nach comhchóirí iad i gcoireanna daoine eile.