Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 15, 2019

Easpa den Lucht Siúil ag Tríú-Leibhéal mar Drochléiriú ar Ollscoileanna

Má tá ionadaíocht le déanamh ar an Lucht Siúil sa pholaitíocht, beidh ar ollscoileanna bealaí chun oideachais i bhfad níos insroichte a chruthú.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a d’éiligh mac léinn PhD ón Tríonóid, agus baill den Lucht Siúil, Patrick McDonagh, go gcruthófar suíochán don Lucht Siúil sa Seanad, bhí pointe maith déanta aige.

D’áitigh McDonagh go gcuirfeadh bealach chun ionadaíocht pholaitiúil a fháil don Lucht Siúil “tús le haistear fada chun ról faoi leith a thabhairt don Lucht Siúil sa Stáit maidir lenár suíomh agus daonra laistigh de.”

Is léiriú cuimsitheach é ar an dul chun cinn go raibh McDonagh agus feachtasóirí eile in ann labhairt leis an Seanad – d’aithin an Bord Eagarthóireachta seo go rialta go gcuirtear athrú polaitiúil i bhfeidhm nuair a chuirtear brú ar pholaiteoirí chun éisteacht.

ADVERTISEMENT

Ach is iomaí bac atá roimh an Lucht Siúil agus iad ag lorg suíomh i bhfóraim pholaitiúla, agus, do institiúidí tríú-leibhéal, tá sé thar am go nglacamar leis an tábhacht a bhaineann leis an oideachas.

Is drochléiriú ar ollscoileanna é an chaoi a bhfuil níos lú ná céatadán amháin den Lucht Siúil ag freastal ar institiúidí ardoideachais.

Moltar Coláiste na Tríonóide go forleathan as ucht bealaí faoi leith a chruthú chun oideachas a dhéanamh níos insroichte do mhic léinn ó chúlraí uilig – faigheann cláir cosúil le Staidéar Féidearthachta na Tríonóide moladh, agus spreag an rath a bhí le Tionscnamh Clár Rochtana na Tríonóide Ollscoil Oxford chun scéim cosúil leis a chruthú – ach is ar éigean go n-aithnítear an t-easpa den Lucht Siúil sa Choláiste.

Cuireann an Coláiste scoláireacht amháin ar fáil in aghaidh na bliana don Lucht Siúil, a chlúdaíonn leath den táille €3,000. Ach is annamh go gcloistear faoi, agus is doiligh a áitiú gur leor é.

D’aithin an Bord Eagarthóireachta seo cheana féin nár cóir diagú a dhéanamh ar chéim ollscoile, agus is fíor nach tús nó deireadh an scéil é oideachas ollscoile. Ach, i gcásanna áirithe, tosaíonn ionadaíocht pholaitiúil le hoideachas. Éascaíonn bealaí insroichte oideachais bealaithe níos insroichte don pholaitíocht, agus mar sin, suíomhanna cumhachta inar féidir athruithe tairbheacha a chur i bhfeidhm.

Cé gur iontach an rud é mac léinn ó Choláiste na Tríonóide a fheiceáil ag déanamh ionadaíochta ar an Lucht Siúil, beidh ar ollscoileanna Éireannacha agus rialtas na tíre seo a thuiscint gur cóir níos mó a dhéanamh chun bheith níos insroichte don Lucht Siúil.