Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 14, 2019

Níl an Tríonóid in ann Éalú ón Milleán do Phráisc an Leithris ag an Sraith Samhradh

Is gá don Choláiste freagracht éigin a ghlacadh as na páirtithe a chuireann ócáidí ar siúl ar champas.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An Domhnach seo caite, tháinig deireadh le Sraith Samhradh na Tríonóide, sraith ceolchoirmeacha ina dtagann fathaigh ceoil go dtí Faiche an Choláiste.

Eagraíonn Ionad Ioncam agus Tráchtála na Tríonóide an tSraith Samhraidh i gcomhpháirtíocht le MCD. Is cinnte go bhfuil fáilte roimh an ioncam breise de dheasca an easpa maoinithe don earnáil ardoideachais.

Rud nach bhfuil fáilte roimhe, áfach, ná an t-iompar a léirigh cuid den bhaill foirne a bhí ag obair ag na ceolchoirmeacha i mbliana.

ADVERTISEMENT

Ar an gCéadaoin, rinne alt ón The University Times cur síos ar thaithí uafásach a bhí ag bean amháin i rith ceolchoirm Paul Weller ar 4ú Iúil.

Spreagann an eachtra – nuair a cuireadh stop le bean an leithreas inrochtana a úsáid cé go raibh mála ostóime aici – ceisteanna dáiríre maidir le meoin shochaíocha éagsúla do mhíchumais dhofheicthe.

Músclaíonn sé ceist faoin méid freagrachta a lorgaíonn an Tríonóid ó pháirtithe eile – agus má tá locht ar an gColáiste é féin.

Is minic a mholtar Coláiste na Tríonóide as ucht a chur chuige maidir le rochtain agus aithnítear an tSeirbhís Éagumais mar eiseamláir i measc institiúidí tríú-leibhéal.

Cé gur aithin Ionad Ioncam agus Tráchtála an fhadhb, is údar imní é an chaoi ar brú siad an freagracht ar MCD agus Eventsec – an eagraíocht atá freagrach as slándáil na ceolchoirme.

Ní léir cé mhéid airgid a ghintear ón tSraith Samhraidh, ach is cinnte go bhfuil luach éigin ag baint leis. Agus tá MCD freagrach as Bál na Tríonóide a eagrú, saothraí airgid tábhachtach eile.

Is éileamh réasúnta é, ansin, go lorgaíonn an Coláiste caighdeán níos airde óna páirtnéirí tríú-páirtí ná an caighdeán a léirigh cuid den bhaill foirne ag an gceolchoirm Paul Weller.

Lasmuigh de bhallaí an Choláiste, níl an comhrá faoi mhíchumais dhofheicthe chomh forbartha ná mar atá laistigh dóibh. Níl smacht ag an Tríonóid ar sin – ach nuair a thugann an Tríonóid cuireadh do pháirtithe eile, tá freagracht ar an Tríonóid chun cinntiú go bhfuil meas ag na páirtithe sin ar prionsabail an Choláiste.