Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 21, 2019

Seachtain Gnóthach don Ardoideachas. Ach Tá Fuinneamh ag Teastáil

Seans gur bratach bhréagach a bhí in óráid ‘cróga’ Micheál Martin ag comhdháil ardoideachais.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Seachtain nuachta thar a bheith gnóthach a bhí ann don earnáil ardoideachais.

Ar maidin Dé Céadaoin, bhailigh na hainmneacha is mó le rá san earnáil ardoideachais le chéile in íoslach an ostáin Alex chun éisteacht le ceannaire Fhianna Fáil agus todhchaí an ardoideachais á plé aige. Ghlac ceannairí na n-ollscoileanna go maith lena óráid, le Brian MacCraith, cathaoirleach Chomhlachas na n-Ollscoileanna Éireannacha, ag rá go raibh tráchtanna Martin “cróga”.

Ba léir gur smaoinigh Martin faoi na fadhbanna. Agus é ag seachaint tuairisc Cassells go stuama, rinne Martin cliúsaíocht leis an smaoineamh maidir le córas iasachta “deonach”. Gheall sé go n-ardódh sé an maoiniú don earnáil ardoideachas le méadú ar PRSI agus ag baint leasa as an státchiste, cé nach bhfaighfeadh sé réidh leis an gcóras táillí.

ADVERTISEMENT

Labhair Martin go hadhmholtach faoin tábhacht a bhaineann le neamhspléachas tríú-leibhéal, ag an am céanna ag geallúint go gcruthódh rialtas Fhianna Fáil Roinn nua Ardoideachais agus Taighde – rud a chuirfeadh isteach go mór ar neamhspléachas na n-institiúidí tríú-leibhéal.

Is beag an t-iontas gur thug Martin, polaiteoir cumasach, a óráid go héifeachtach – ach ní léir fós ar chuir sé aon réitigh ar fáil do na fadhbanna san earnáil tríú-leibhéal. Bhí an chuma ar a chuid focal gur úsáideadh iad chun ceannairí na n-ollscoileanna a mhealladh le geallúintí maidir le haird agus le níos mó maoinithe ar lá an bhuiséid. Mhúscail an óráid cáineadh ó Sheanadóir Fine Gael Maria Byrne, rud a mheall níos mó cinnlintí sna meáin.

Ach tá seans ann gur bhratach bhréagach a bhí i léiriú fuinnimh san earnáil an tseachtain seo.

An Domhnach seo caite, tuairiscigh The University Times nach mbeidh aon anailís ag an gCoimisiúin Eorpaigh ar thuarascáil Cassells go dtí 2020, rud a mharaíonn aon seans go ndéanfadh an rialtas seo rud ar bith atá molta ag an tuarascáil.

Ní hionann smaointí agus gníomh. Le trí bliana caite óna bhfoilsíodh tuairisc Cassells agus an díospóireacht maidir le scéim iasachtaí seanchaite, ba chóir go raibh deireadh leis an gcaint cheana.

Bhí óráid Martin in ann earnáil le díth airde agus díth maoinithe a ghríosadh, ach is suntasaí ar fad a smaointí de dheasca chúlra na marbhántachta. Gan aon chomhartha ar gníomh, ní údar misnigh iad imeachtaí na seachtaine seo.

Ar an drochuair, is cosúil nach mbeidh i ndán d’institiúidí tríú-leibhéal ach fanacht ar bharr uisce ar feadh tamaill eile.