Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 29, 2019

Tá Lóistín ar Phraghas Réasúnta ag Teastáil ó Mhic Léinn, Seachas Árasáin ar Luach €1,200

Is masla do mhic léinn é an cur i gcéill gur bua atá i gceist le torthaí an tSuirbhé Náisiúnta ar Loistín Mhic Léinn.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ar an Aoine, d’fhógair an rialtas – go bródúil – gur tógadh 6,691 leaba do mhic léinn sa tír seo ó 2016 mar chuid dá Stráitéis Náisiúnta ar Lóistín Mhic Léinn.

Ní raibh an rialtas sásta a admháil gur costasaí formhór den lóistín go leor chun fuadach croí a chur ar an gcuid is mó de mhic léinn, áfach.

An tseachtain seo, nochtaigh The University Times nach bhfógraítear ach seacht faoin gcéad de lóistín mac léinn saintógtha san ardchathair ar phraghasanna níos lú ná €840 sa mhí. Níl ansin ach 385 leaba as 5,465.

ADVERTISEMENT

Anuas ar sin, tá níos mó ná 95 faoin gcéad de lóistín na mac léinn i mBaile Átha Cliath a tógadh ó 2016 ar aghaidh i seilbhíocht comhlachtaí príobháideacha – a bhfuil níos mó suime acu i mbrabús a dhéanamh seachas le lóistín ceart a chur ar fáil do mhic léinn.

An rud is éadóchasaí faoi na tuairiscí seo, áfach, ná an chaoi nár mbain siad geit as éinne. Is rud náireach é chun lóistín a thógáil ar phraghas nach bhfuil bhformhór na mac léinn – agus baill den lucht saothair, mar atá luaite ar Twitter – in ann íoc as, ach is gnáthrud duairc é i láthair na huaire.

Caint gan dealramh a bhí i gcaint an Aire Ardoideachais Mary Mitchell O’Connor agus í ag moladh an rath a bhí le stráitéis an rialtais.

Dúirt Mitchell O’Connor gur bunaíodh an stráitéis chun “ardú a dhéanamh ar sholáthar agus mar sin chun costaisí cíosa do mhic léinn a mhaolú”, agus d’fhógair sí go bhfuil an rialtas “ar tí an sprioc a réitíodh ag an tús a shárú” go suairc.

Agus cead anois ag comhlachtaí árasáin ríchostasacha a thógáil anois, níl an soláthar ag méadú d’fhormhór na mac léinn. Is léir dóibh siúd a bhfuil lóistín á lorg acu faoi láthair nach bhfuil an cur chuige seo “ag maolú costaisí cíosa” freisin.

Cé go bhfuil ardú ag teacht ar chostaisí, níl ardú tar éis teacht ar an gcaighdeán san earnáil ardoideachais – fadhb í seo a bhfuil a rialtas freagrach as. Ba chóir go gcuimneoidh Mitchell O’Connor ar sin.

Níl stráitéis an rialtas inbhuanaithe ar chor ar bith, le praghasanna arda ag cur bac orainn ar fad seachas an dream is rachmasaí in earnáil a bhfuil fíorthábhachtach do gheilleagar na hÉireann.

Is masla do mhic léinn é an cur i gcéill gur bua atá i gceist le torthaí an tSuirbhé Náisiúnta ar Loistín Mhic Léinn. Tá lóistín ar phraghas réasúnta ag teastáil ó mhic léinn, seachas ‘árasáin stiúideo’ ar luach €1,200.