Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 25, 2019

Ceannaire Nua ÚAO, Faoi Dheireadh – agus Deis Athchruthaithe Leis

Ba chóir go mbeidh an ról luaineach atá ag an Údarás um Ard-Oideachais níos soléire anois

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a sheas Graham Love síos mar Phríomhoifigeach den Údarás um Ard-Oideachais (ÚAO) an Lúnasa seo caite, thóg sé leis a lán gearán faoin riarachán a bhaineann le tríú-leibhéal na hÉireann.

Ó shin, tá goineoga mácanta dírithe ag Love – a bhí buartha faoi neamhspleáchas d’institiúidí ardoideachais – i gcoinne rialtais a rinne “neamhaird” ar chomhairle an Údaráis agus é i gceannas, dar leis. Tá sé éasca a chuid frustrachais a aithint, agus ní haon iontas é: ar feadh na mblianta, ba bheag an tuiscint ar an eagraíocht bhí acu siúd a bhí ag obair ar a son.

Bhí an dreach ar an scéal nach raibh i gceist leis an ÚAO ach cúinne eile d’ardoideachas na hÉireann sáinnithe i marbhántacht bhuan. Le heaspa cumhachta reachtaíochta mar adhastar dó, bhí an chuma air gur cholg i dtaobh an rialtais a bhí ann, agus mar leadrán d’institiúidí ardoideachais.

ADVERTISEMENT

Rud iontach a bhí i gceist leis an luas ar tharla na hathruithe laistigh den eagraíocht i rith an tsamhraidh.

Mhol an tAire um Ardoideachais Mary Mitchell O’Connor sraith d’athruithe reachtaíochta a athródh ainm na heagraíochta go dtí an Coimisiúin um Ardoideachais, agus cumhachtaí rialaitheacha níos treise. Ansin, d’fhógair an ÚAO go mbeidh Alan Wall mar an Príomhoifigeach nua.

Rachfaidh Wall, an t-ardrúnaí cúnta den Roinn Oideachais, i gcomharba ar an bpost a bhí i seilbh fiedhmeannach sealadach ar feadh bliana.

Tá nasc soiléir idir an dá eachtra. Is deis athchruthaithe é seo don ÚAO – a bhí go mór i bhfábhar na reachtaíochta in ainneoin na mionghearán faoi neamhspleáchas na n-ollscoileanna. Beidh an post mar Phríomhoifigeach i bhfad níos mealltaí do Wall anois leis an méadú cumhachta don Údarás, don chéad uair i rith ré an rialtais seo.

Beidh a chuid pleananna ina ábhar spéise. Agus na blianta fada aige le taithí ar pholasaithe ar leibhéal an rialtais, beidh fhios ag Wall ar na héasclínte maorlathacha. Beidh tuiscint aige ar an iliomad fadhbanna a bhaineann leis an earnáil.

Ar dtús, beidh air bratach na heagraíochta a neadú san áit cheart – i lár an aonaigh ardoideachais.