Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 11, 2019

Is Leor é Sin – Thar Am go bPléann Aontais Mic Léinn Stailc Cíosa

Tá ar na haontais éirí níos radacaí sa troid i gcoinne ardú cíosa ríchostasach.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Má bhí comhartha ar bith ann a léiríonn cé chomh normalaithe is atá an ghéarchéim tithíochta do mhic léinn, bhí sé le feiceáil ina bhfreagra ar an ardú i dtáillí lóistín sa Choláiste.

Ba é frustrachas, seachas geit, an mothúchán is comónta mar thoradh ar na tuairiscí go ndearna an Coláiste brabús €13 milliúin ar lóistín mac léinn anuraidh, cé gur ardaíodh an praghas ar seomra i Halla Goldsmith – palás ar éigean – go €389 i mbliana.

D’fhoilsigh Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) ráiteas bogthe, nach raibh láidir go leor chun an Coláiste a cháineadh as ucht a stráitéis lóistín.

ADVERTISEMENT

Bhí ráiteas an aontais go hiomlán díréireach le práinn na géarchéime, agus aithníonn Uachtarán TCDSU, Laura Betson go bhfuil seomra ar champas ródhaor d’aon mhac léinn a fhaigheann an deontas SUSI.

Tá an tóraíocht do lóistín measartha éirithe uafásach – agus éiríonn sí níos measa gach bliain. Tá costais cíosa ag ardú i mBaile Átha Cliath, agus is annamh a aimsítear lóistín ar phraghas réasúnta, is nuair a aimsítear é, is minic a bhíonn coinníollacha sluma ann.

Is léir nach bhfuil an rialtas ag éisteacht le mic léinn i láthair na huaire. Agus na colaistí ag fulaingt de dheasca easpa maoinithe, breathnaíonn siad ar lóistín mac léinn mar réiteach ar a bhfadhbanna airgeadais.

Mar thoradh, tá dualgas ar aontais ar fud na tíre, Aontas na Mac Léinn in Éirinn san áireamh, chun éirí níos uaillmhianaí ina chuid machnamh – agus níos radacaí.

D’éiligh roinnt daoine ar stailceanna cíosa. Cé gur doiligh atá sé é seo a shamhlú i lóistín príobháideach, go háirithe sna coinníollacha neamhchinnte ina bhfuil mic léinn ag maireachtáil, tús maith a bheadh i gceist le stailc cíosa ar champas.

Murab ionann is tiarnaí talúin príobháideacha, ní chaithfeadh coláistí cónaitheoirí amach mura n-íocann siad cíos – tubaiste a bheadh ann dá n-íomhá. Agus, murab ionann le focail agus ráitis, tá seans níos fearr ag stailceanna chun éirí réidh le hardú cíosa.

Níos tábhachtaí fós, sampla a bheadh ann: ní bheadh tabú ag baint le stailc cíosa i measc mic léinn.

Thaispeáin Tóg an Tríonóid Ar Ais an neart a bhí ag mic léinn nuair a tháinig siad le chéile. Tá meath tar éis teacht ar an díograis a bhí ann nuair a throid mic léinn i gcoinne táillí forlíontacha scrúdaithe. Anois an t-am d’aontais trasna na tíre chun an díograis sin a mhúscailt arís agus buille a thabhairt do na coláistí san áit ina ghortaíonn sé – ina gciste.