Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 25, 2019

Luach Ró-Íseal ar an Oideachas a Bheidh i gCeist le Cailleadh Ranganna don Obair

Le cúrsaí ríchostasacha faoi láthair, tá an dreach ar an scéal nach bhfuil deireadh i ndán do streachailt na mac léinn.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is beag an t-iontas a bhí i gceist le na figiúirí a foilsíodh an tseachtain seo a léirigh gur chaill níos mó ná leath de mhic léinn na hÉireann ranganna dá gcuid oibre.

Cé nach raibh na staitisticí oifigiúla againn go dtí seo, bhí fianaise i bhfoirm scéalta ann le fada. An t-aon rud aisteach faoi na figiúirí seo ná cé chomh seasta síoraí is atá sé mar choincheap anois.

Le costais cíosa ríchostasacha agus an costas maireachtála ag ardú, tá sé intuigthe go bhfuil ar mhic léinn níos mó oibre a dhéanamh. Agus, cé gur féidir le post páirt-aimseartha a bheith ina fhoinse bhreá d’ioncam – agus mar thaithí luachmhar – do dhuine óg, is olc an rud é go bhfuil ar chuid mhaith de mhic léinn cuid dá oideachas a chailleadh dá bharr.

ADVERTISEMENT

Ba chóir a aithint gur suirbhé réasúnta beag a bhí i gceist, le 445 mac léinn ag glacadh páirt. Ach fós féin, tá sé éasca a shamhlú gur léiriú é ar treochtanna níos leithne. Tá costas €800 ar níos mó ná 90 faoin gcéad de lóistín nua mac léinn i mBaile Átha Cliath, atá i bhfad róchostasach dóibh siúd ag obair go páirt-aimsearthach.

Chomh maith leis sin, an tseachtain seo, nochtaíodh nach bhfaigheann ach 40 faoin gcéad de mhic léinn a bhfuil deontais tríú-leibhéal á bhfáil acu an méid iomlán den deontas. Le cúrsaí oideachais agus táillí lóistín ag éirí róchostasach don ghnáthdhuine, tá an dreach ar an scéal nach bhfuil deireadh ar bith leis an streachailt.

Cé go bhfuil an chuma ann nach bhfuil tionchar ann má chailleann mic léinn amach ar léacht nó dhó, ach más gnáthrud é do mhic léinn a gcuid ranganna a chailleadh i gcomhair a gcuid oibre, beimid ar chúrsa fánach mar shochaí.
.
I gcúrsaí áirithe, is céim ar gcúl ollmhór í má chailltear amach ar léacht nó rang amháin. De réir a chéile, ciallaíonn sé go mbeidh fórsa oibre le leibhéal níos lú oideachais orthu.

Is tábhachtaí ar fad an chaoi a gcuireann sé seo leis an nós imníoch gan an luach ceart a chur ar an oideachas.

Nuair a neadaítear na nósanna seo mar mheon coiteann, is féidir leis tréimhse fhada ama a ghlacadh chun an meon sin a athrú. Má leanann an treocht seo de mhic léinn ag cailleadh ranganna sa choláiste dá gcuid oibre, tá seans ann – ar an drochuair do mhic léinn agus dár gcóas oideachais – go mbeidh deacrachtaí ann na nósanna seo a bhriseadh.