Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 11, 2019

Moladh Tuillte ag an gCúrsa sa Phalaistín, i gColáiste le Gaol Amhrasach le hIosrael

Agus intéirnigh na Tríonóide ag taifead drochbhail laistigh de Iosrael, tá an Propast ag moladh an nasc láidir atá ag an gColáiste leis an stát céanna.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo, thuairiscigh The University Times ar an taithí chosrach a bhí ag intéirnigh iarchéime a thaisteal ó Choláiste na Tríonóide chuig an mBruach Thiar.

I rith a gcuid ama ag obair le hOllscoil Al Quds i Iarúsailéim, bhí na mic léinn seo i lár na stoirme, agus iad ag amharc ar cheann de na coimhlintí polaitiúla is fuilteacha i láthair na huaire, agus foréigean le feiceáil ar na sráideanna go rialta.

Is doiligh a áiteamh nach bhfuil tábhacht ag baint leis an gclár seo, atá á reachtáil go seachantach ó 2016. Eascraíonn ceisteanna dáiríre faoi chur chuige na Tríonóide i leith an ábhair seo – ón méid ama a ghlac sé ar an Tríonóid chun glacadh leis an tionscnamh go hoifigiúil, chomh maith leis an aimhriar idir an cúrsa agus an nasc atá ag an Tríonóid le hinstitiúidí Iosraelacha.

ADVERTISEMENT

Ní hí seo an chéad uair a caitheadh súil ar an aighneas idir luachanna. Le tamall anuas, cáineadh seasamh oifigiúil na Tríonóide ar Iosrael de bharr go bhfuil sé ar sheachrán ó mhórthuairimí na mac léinn.

I Márta 2018, vótáil mic léinn ar champas go ngcuirfeadh Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide tús le feachtas baghcat, dhídhílsiú agus smachtbhanna ar Iosrael. Ach, sa bhliain chéanna, thug an Propast Patrick Prendergast óráid i Iarúsailéim a mhol an nasc láidir idir an Tríonóid agus ollscoileanna in Iosrael.

Ina óráid, níor thug an Propast suntas d’imní a mhac léinn faoin gcaoi a bhfuil an Coláiste ag baint buntáiste óna ghaol le hIosrael.

Nochtann na mic léinn agus an taithí a bhíonn acu i rith an chláir an t-uafás éagórach atá ar siúl sa choimhlint idir Iosrael agus an Phalaistín. Tá an Coláiste ag ceiliúradh a nasc le hIosrael, rud a thagann salach ar a bhfuil á fheiceáil ag na mic léinn seo

Cé go léiríonn aitheantas ón Tríonóid don chlár dul chun cinn, ní féidir breathnú air mar athrú ina dearcadh.

Ó thaobh na taidhleoireachta de, is beag an t-iontas go bhfuil an Tríonóid cúramach. Ach ta an Coláiste i bhfad níos sásta a nasc le hIosrael a cheiliúradh, ná mar atá le hollscoil phailistíneach atá ag déanamh iarrachta troid i gcoinne sárú ar chearta an duine atá ar siúl sa chóras céanna.

Agus tús áite á thabhairt ag an Tríonóid dá leas féin seachas an rud ceart a dhéanamh, tá leithcheal á dhéanamh acu ar na mic léinn a mhaítear go ndéanann an Coláiste ionadaíocht orthu.