Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 19, 2019

San Ardoideachas, Iniúchadh ar an Rialtas – agus iad Fós Gann ar Smaointí

Níl aon chomaoin tuillte ag airí oideachais na hÉireann ón díospóireacht faoi tríú-leibhéal an tseachtain seo.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo rinneadh imscrúdú ar airí oideachais na tíre seo i gceannlínte na meán le neart nach bhfuil feicthe le blianta anuas.

Brúadh an fhulaingt a bhaineann leis an earnáil seo ar chúl sna fóraim phoiblí i bhfad ó shin. Mar sin, rud úr a bhí ann na scéalta maidir leis an ardoideachas a fheiceáil ar na leathanaigh tosaigh de nuachtán na tíre seo.

Nuair a tháinig an díospóireacht náisiúnta chun deiridh an tseachtain seo, is beag comaoin a bhí tuillte ag an tAire Oideachais Joe McHugh nó ag an Aire Ardoideachais Mary Mitchell O’Connor i ndiaidh dóibh beirt tráchtanna a dhéanamh a léirigh easpa tuisceana agus easpa físe.

ADVERTISEMENT

Agus í ag labhairt le daltaí ardteiste sa Charraig Dhubh, mhol sí an deontas SUSI chun táillí cíosa a bhíonn go minic níos mó ná uasmhéid an deontais – €6,000 in aghaidh na bliana – a íoc.

Tá sé dothuigthe go bhféadfadh sí a bheith ar sheachrán ón bhfírinne a bhaineann le cúrsaí airgeadais faoi láthair: ina dáilcheantar féin, tá costas níos airde ná €600 in aghaidh na míosa ar na seomraí.

Idir an dá linn, cuireadh i leith McHugh go raibh polaitíocht “bíodh cáca acu” ar bun aige mar gheall ar a chomhairle gur cóir do teaghlaigh bhochta a bpáistí a sheoladh chuig coláistí áitiúla, seachas go dtí ollscoileanna. Is léir gur chaill McHugh an pointe ina chuid anailíse de chúrsaí.

Ach dá gcuirfeadh an t-easpa tuisceana uafás ar an gnáthdhuine, ní bheadh ionadh ar bith orthu siúd a bhfuil ag obair san earnáil: shoiléirigh McHugh agus Mitchell O’Connor seasamh an rialtais maidir le hardoideachas, cé gur lucht féachana i bhfad níos mó a bhí ann ná mar a bhí cheana.

Ábhair imní atá ann nach raibh siúd atá i gcumhacht in ann slacht a chur orthu féin ionas go raibh smacht acu ar an insint. Nochtadh geallúint McHugh gan táillí a ardú mar phramsáil pholaitiúil gan aon tacaíocht airgeadais, agus chruthaigh Mitchell O’Connor conspóid inseachanta lena tráchtanna SUSI.

Rinne an rialtais iarracht an locht a bhrú ar ollscoileanna mar gheall ar an gcostas a bhaineann le oideachas tríú-leibhéil. In ionad sin, léirigh sé nach raibh airí in ann fiú a ligint orthu go raibh cumas acu chun deileáil leis na fadhbanna a bhaineann leis an earnáil.