Radius
Aug 20, 2019

Seanchais Cois Tine i gColáiste na Tríonóide

Beidh an t-imeacht ar siúl idir 4 i.n. agus 6 i.n. i dTéatar Maxwell, ar Déardaoin, an 22ú Lúnasa.

Malachi Ó MarcaighIrish Language Editor
blank
Sinéad Baker for The University Times

Tá dlúthcheangailt ag an nGaeilge le finscéalta, seanchas agus le litríocht labhartha. Mar sin, beidh an t-imeacht atá ar siúl i gColáiste na Tríonóide an tseachtain seo suimiúil dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa scéalaíocht.

Ar an Déardaoin, an 22ú de mhí Lúnasa, cuirfidh Roinn na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide imeacht darb ainm ‘Seanchais Cois Tine’ ar bun. Beidh an t-imeacht – atá á reachtáil mar chuid de Sheachtain Oidhreachta i mbliana – ar siúl idir 4 i.n. agus 6 i.n. i dTéatar Maxwell, san fhoirgneamh Hamilton.

Pléifidh cainteoirí seanchas agus an scéalaíocht, chomh maith le litríocht na Gaeilge. Imeacht dátheangach atá ann – beidh scéalta le cloisteáil as Béarla agus as Gaeilge.

ADVERTISEMENT

Déantar cur síos ar an imeacht ar an suíomh idirlín do Sheachtain Oidhreachta mar “cheiliúradh ar scéalta agus scéalaithe ó litríocht na Gaeilge”. Leanann an cur síos ar aghaidh: “Inseoidh cainteoirí ó Roinn na Gaeilge de Choláiste na Tríonóide na scéalta is suimiúla atá acu óna gcuid oibre.”

Dála an tsuímh idirlín do Sheachtain Oidhreachta, beidh réimse fairsing ábhair ann: “Bígí réidh le gáire, le caoineadh, agus ansin a bheith ag caoineadh ón ngáire ó scéalta ón ré is sine den Ghaeilge go dtí an lá inniu”

Tá an Chomhairle Oidhreachta freagrach as Seachtain Oidhreachta a reachtáil sa tseachtain dheireanach de mhí Lúnasa. Chuile bhliain, eagraítear níos mó ná 2,000 imeacht trasna na tíre.

Tá an t-imeacht seo oiriúnach dóibh siúd le riachtanais inrochtana.

Tá breis eolais faoin imeacht seo agus faoi na himeachtaí eile ar siúl i rith na seachtaine ar fáil ar an suíomh idirlín do Sheachtain Oidhreachta.

Cathain: Déardaoin, an 22ú Lúnasa, 4r.n go dtí 6r.n

Costas: saor in aisce, níl ort áit a chur in áireamh

Cá háit: Téatar Maxwell, Foirgneamh Hamilton, Coláiste na Tríonóide

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.