News
Sep 17, 2019

Athsheoladh Cúrsa Gaeilge Saor in Aisce ar Líne ag DCU

Díreoidh an cúrsa ar gnéithe bunúsacha na Gaeilge agus ar an gcultúr gaelach.

Jennifer Ní ChiaraScríbhneoir Cúnta

Athsheoladh cúrsa nua Gaeilge ar líne ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) ar an Luan.

Beidh an cúrsa ar fáil ar an suíomh FutureLearn. Is é Gaeilge 101: Tús le Cultúr agus Teanga na Gaeilge an t-ainm atá ar an gcúrsa.

Díreoidh an cúrsa ar ionspráid an nádúir i dtógáil na teanga, maraon leis an gcultúr gaelach, gnéithe bunúsacha na Gaeilge agus na daoine a labhraíonn í.

ADVERTISEMENT

Cé gur thosaigh an cúrsa ar an 16ú Meán Fómhair, is féidir fós clárú ar líne go dtí deireadh an chúrsa agus is féidir é a thógáil i dteannta cúrsaí FutureLearn eile.

Tá sé ar fáil saor in aisce d’éinne atá suim acu Gaeilge a fhoghlaim as an nua, agus dóibh siúd atá ag iarraidh a gcuid tuisceana a neartú ar shaibhreas staire agus oidhreachta na Gaeilge.

Cludaítear na hábhair bhunúsacha le hagaidh comhráite laethúla ó oidhreacht clainne go dtí cúrsaí spóirt.

Ní hamháin sin, ach beidh an deis ag foghlaimeoirí cuir lena gcuid eolais faoi ogham, miotaseolaíocht na hÉireann agus cúpla mallacht a fhoghlaim chomh maith.

Maireann an cúrsa ceithre sheachtain, agus ba chóir ceithre uair a chloig a chur ar leataobh gach seachtain don chúrsa.

Tá an cúrsa seo curtha le chéile ag léachtóirí DCU ar nós Ciarán MacMurchaidh agus Caitríona Nic Giolla Mhichíl. Is Ollamh le Gaeilge é Ciarán MacMurchaidh agus múineann Caitríona Nic Giolla Mhichíl Gaeilge agus an stair.

Is cuid den Stráitéis 20 bliain don Ghaeilge é an cúrsa seo. Tá sé urraithe ag an Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhpháirt leis an gCrannchur Náisiúnta.

Seoladh an cúrse den chéad uair i Mí na Samhna anuraidh mar chuid den Ollscoil Oscailte sa Leabharlann Náisiúnta.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.